Arna chur i láthair ag an gComhairle Ealaíon, arna mhaoiniú ag Rialtas na hÉireann
agus arna léiriú ag Schweppe Curtis Nunn.
www.thegrandstretch.com
Freagairt ealaíonta uathúil is ea Coiscéim Coiligh ar ré uathúil i stair na hÉireann. Cuirfidh ealaíontóirí agus eagraíochtaí ealaíne ar fud na hÉireann an séasúr seo d’imeachtaí ealaíon, atá uaillmhianach i dtaobh cuspóra, scála agus scóip, i láthair i mí an Mheithimh 2021.
Arna chur i láthair ag an gComhairle Ealaíon mar bhealach chun ár n-athléimneacht, ár gcruthaitheacht agus ár nascacht a roinnt trí na healaíona tar éis moladh ón tuarascáil ‘Survive, Adapt, Renew’, gairm oscailte is ea Coiscéim Coiligh do thionscadail uaillmhianacha agus sármhaithe faoi threoir ealaíontóirí lena meas le haghaidh cláir mar chuid de shéasúr ar fud na tíre thar dheich lá i mí an Mheithimh 2021. Tiocfaidh ealaíontóirí, léiritheoirí, teicneoirí, lucht féachana/éisteachta agus pobail le chéile le haghaidh clár a bheidh éagsúil ar roinnt bealaí, foirm, peirspictíocht agus suíomh, ina measc.
Dúirt Maureen Kennelly, Stiúrthóir na Comhairle Ealaíon:
“Tar éis tréimhse fhada agus dheacair sáinnithe istigh, tráth nach raibh ealaíontóirí in ann a saothar a chur i gcrích, tá áthas orainn séasúr imeachtaí a chur ar siúl a thabharfaidh inspioráid d’ealaíontóirí agus lucht féachana/éisteachta chun athnascadh ar bhealaí nua. Léiriú é Coiscéim Coiligh ar laethanta níos fearr amach romhainn, agus comhartha atá ann dár spiorad dóchais agus ár n-uaillmhian chun naisc nua a fhiosrú.”
Léireoidh Schweppe Curtis Nunn Coiscéim Coiligh thar ceann na Comhairle Ealaíon agus Rialtas na hÉireann.
Dúirt Maria Schweppe agus Naoise Nunn, Comhstiúrthóirí Schweppe Curtis Nunn:
“Tá sceitimíní orainn agus táimid bródúil go mbeimid ag obair leis an gComhairle Ealaíon chun an séasúr tráthúil imeachtaí seo a léiriú i mí an Mheithimh seo chugainn agus táimid ag súil go mór le hoibriú le healaíontóirí agus eagraíochtaí lena chur ar siúl.”
Ceapadh agus dearadh an séasúr chun uaillmhian a threisiú sna healaíona agus do na healaíona, athbheofaidh an clár muid ar fud na tíre agus muid ag teacht amach as tionchar COVID-19.
Tá sé mar aidhm le Coiscéim Coiligh:
1. Uaillmhian a spreagadh sna healaíona, agus do na healaíona, lena léiriú gur féidir leis na healaíona freagairt agus treorú go muiníneach.
2. Tuiscint a mhéadú trína léiriú cé muid féin mar náisiún agus ealaín agus eispéiris ealaíne a chur i láthair a léiríonn éagsúlacht Éire nua-aimseartha / ár n-éagsúlacht céannachtaí, dearcthaí, foirmeacha ealaíne, cuir chuige agus láithreacha.
3. Glacadh leis an inoiriúnaitheacht trí fhreagairt do na dúshláin reatha chun seachadadh, athcheapadh, athshamhlú agus comhoibriú beag beann ar céard atá ag cur isteach orainn.
4. Rannpháirtíocht a spreagadh trína bheith meáite a chinntiú go bhfeictear an saothar agus na tionscadail agus go bhfaigheann lucht féachana/éisteachta, rannpháirtithe agus breathnóirí éagsúla eispéireas orthu, bíodh sin san fhíorshaol nó trí bhealaí digiteacha.
Arna choimeád trí phróiseas Gairmeacha Oscailte, spreagfaidh an clár seo iarratasóirí agus rannpháirtithe le bheith uaillmhianach sa chaoi a gcruthaíonn siad a smaointe agus a saothar; agus tabharfar cuireadh don phobal taithí a fháil ar ealaín iontach i láithreacha uathúla ar fud na hÉireann.
Cuirfear tionscadail roghnaithe faoi stiúir ealaíontóirí ar an gclár i séasúr uaillmhianach a chuirfear ar siúl i suíomhanna ar fud na hÉireann thar dheich lá i mí an Mheithimh 2021.
Beidh foirm iarratais Gairmeacha Oscailte, mar aon le treoirlínte chun iarratas a dhéanamh, critéir roghnaithe, faisnéis mheasúnaithe agus Ceisteanna Coitianta, inrochtana ó www.thegrandstretch.com ón 10am Dé Luain 11 Eanáir 2021 go dtí 12 meán lae Dé Luain 8 Feabhra 2021.
Coiscéim Coiligh
Arna chur i láthair ag an gComhairle Ealaíon, arna mhaoiniú ag Rialtas na hÉireann agus arna léiriú ag Schweppe Curtis Nunn.
11 - 20 Meitheamh 2021
www.thegrandstretch.com
←Fill ar ais go dtí an nuacht