D'fhógair an Chomhairle Ealaíon agus an Chomhairle um Thaighde in Éirinn sonraí inniu (15.10.17) maidir le comhpháirtíocht nua straitéiseach chun comhoibriú níos fearr a spreagadh idir an lucht acadúil agus an lucht ealaíon.
Leis an gcomhoibriú sin, oibreoidh an dá ghníomhaireacht le chéile sna trí bliana seo amach romhainn.
Ag tagairt don chomhpháirtíocht di, dúirt an tOllamh Jane Ohlmeyer, Cathaoirleach na Comhairle um Thaighde in Éirinn: “Tá an Chomhairle um Thaighde in Éirinn tiomanta do thacú le taighde i ngach disciplín. Is sna disciplíní ealaíon, daonnachtaí agus eolaíochta sóisialta atá leath an 280 dámhachtain a d'fhógraíomar le gairid faoi chláir Rialtas na hÉireann.
“Ní féidir taighde láidir a chothú laistigh d'earnáil na n-ealaíon trí oibriú leis an lucht acadúil amháin. Trí chomhoibriú leis an gComhairle Ealaíon, táimid ag súil le tuiscint níos fearr a fhorbairt le chéile ar an gcaoi agus ar an gcúis a mbíonn daoine ag gabháil do na healaíona, agus ar na torthaí agus an tionchar a bhíonn ann dá bharr. Agus as sin is féidir linn beartas poiblí níos fearr a fhorbairt maidir leis na healaíona agus cistí poiblí a infheistiú ar bhealach níos stuama.”
Dúirt Cathaoirleach na Comhairle Ealaíon, Sheila Pratschke; “Táim ríméadach go bhfuil an Chomhairle Ealaíon ag obair leis an gComhairle um Thaighde in Éirinn anois de réir mar a thugann ár straitéis orainn oibriú i gcaidrimh nua laistigh de na healaíona agus lasmuigh díobh. Cuidíonn taighde linn tuiscint níos fearr a fháil ar dhaoine agus ar áiteanna, rud a thacaíonn linn dul i gcion ar phobail nua agus a chabhraíonn linn pleanáil ar bhealach níos straitéisí don todhchaí. Is iad fiosracht, ceisteanna agus fionnachtain a spreagann cleachtóirí sna healaíona agus i dtaighde. Tá an comhoibriú trí bliana seo tábhachtach don Chomhairle Ealaíon. Teastaíonn meastóireacht agus taighde leanúnach má táthar chun tuiscint a fháil ar an gcaoi a bhforbraíonn na healaíona agus ar an tionchar a bhíonn acu ar shaol daoine.
Taighde a dhéanamh ar na healaíona
I measc na samplaí de thaighdeoirí iarchéime in earnáil na n-ealaíon atá á maoiniú ag an gComhairle um Thaighde in Éirinn i láthair na huaire tá siad seo a leanas:
• Kerstina Mortensen, atá i mbun taighde ar ealaín shiombalaíoch Nordach. Déantar iniúchadh ina saothar ar an gcaoi ar chuir doirbhíochas na hEorpa ag tús an 20ú haois le léirithe dorcha mar thinneas, bás agus an féin síceolaíoch.
• Margaret O’Brien, atá ag scrúdú an téama a bhaineann le haithris i saothar roinnt ealaíontóirí comhaimseartha lena n-áirítear Jenny Baines, Seamus McCormack, Lorraine Neeson agus Fiona Reilly.
• Susan Campell, atá ag díriú ar ealaín Richard Tuttle, cleachtóir Meiriceánach a bhfuil tionchar mór imeartha aige agus a bhfuil leathchéad bliain caite aige i mbun a ceirde agus é fós ag dul i gcion ar an bpobal idirnáisiúnta. Tá sí ag iniúchadh príomhshamplaí de shaothar Tuttle, trí phriosma na teicstíle, chun léargais as an nua a fháil ar an ealaíontóir.
Tá tuilleadh eolais faoi chomhpháirtíocht straitéiseach na Comhairle um Thaighde in Éirinn leis an gComhairle Ealaíon ar fáil ar www.research.ie.
←Fill ar ais go dtí an nuacht