Cuireann Laureate na nÓg Sarah Crossan fáilte roimh thograí ar an Tionscadal #WeAreThePoets
Tá Laureate na nÓg, Sarah Crossan ag tabhairt cuireadh do dhaoine aonair agus d’eagraíochtaí tograí a chur isteach ar thionscadail faoina téama Laureate #WeAreThePoets. Oibreoidh an tionscadal #WeAreThePoets le comhpháirtithe i bPoblacht na hÉireann agus i dTuaisceart Éireann chun daoine óga a spreagadh iad féin a chur in iúl tríd an bhfilíocht, bíodh sé scríofa, ó bhéal nó ar stáitse, chun ardán a thabhairt dá nglórtha agus dá gcuid scéalta. Mar Laureate, tá Sarah ag díriú ar líon beag téamaí agus tionscadal, á gcur ar bun aici féin agus/nó i gcomhar le daoine eile.
Is féidir iarratas a dhéanamh ar #WeAreThePoets anois agus is é Dé hAoine 19 Deireadh Fómhair an spriocdháta i gcomhair iarratas. Tá tuilleadh sonraí maidir leis an tionscadal agus faisnéis ar an gcaoi le togra a chur isteach ar fáil ar https://childrenslaureate.ie/
Tionscadal spreagúil é Laureate na nÓg a thugann aitheantas do ról agus do thábhacht na litríochta i saol páistí. Tionscnamh de chuid na Comhairle Ealaíon atá ann a bhfuil tacaíocht aige ó Chomhairle Ealaíon Thuaisceart Éireann, ó Leabhair Pháistí Éireann, ón Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige agus ó Éigse Éireann. Bunaíodh an onóir le cur le rannpháirtíocht daoine óga i litríocht ardchaighdeáin agus chun béim a chur ar an tábhacht a bhaineann le litríocht do leanaí i saol an chultúir agus na samhlaíochta.
File agus úrscéalaí is ea Sarah Crossan. Is í Sarah an cúigiú Laureate na nÓg agus beidh an teideal aici ó 2018 go dtí 2020.
←Fill ar ais go dtí an nuacht