Tá a brón faoi bhás Phelim Donlon, a fuair bás ag an deireadh seachtaine agus é 78 bliain d’aois, curtha in iúl ag an gComhairle Ealaíon. Bhí sé ina oifigeach de chuid na Comhairle agus ina dhuine tábhachtach sna healaíona léirithe in Éirinn.
Thosaigh Phelim ag obair leis an gComhairle Ealaíon i 1983 agus bhí sé ina Oifigeach Scannáin, Drámaíochta agus Ceoldrámaíochta. Chuaigh sé ar scor in 2001. Bhí sé ina Stiúrthóir ar athbhreithniú Auditoria ar an mbonneagar tógtha do na healaíona léirithe ar fud na hÉireann freisin.
Bhí sé fós tiomanta do na healaíona agus é ar scor agus d’fhóin sé ar an mbord ar chuid mhór eagraíochtaí ealaíon léirithe.
Dúirt Orlaith McBride, Stiúrthóir na Comhairle Ealaíon: “Bhí fíorthiomantas ag Phelim do na healaíona i gcoitinne agus don drámaíocht go háirithe. Thacaigh sé go mór le daoine cumasacha nua agus ag teacht chun cinn, agus bhí sé ar dhuine de na daoine ba thábhachtaí i stair na Comhairle Ealaíon maidir leis an amharclannaíocht ghairmiúil a fhorbairt in Éirinn.”
“Is mór an chailliúint an teacht i láthair a bhí aige agus an treoir a thug sé dúinn. "Ar dheis Dé go raibh a anam,” dúirt sí.
←Fill ar ais go dtí an nuacht