Cuireann an Chomhairle Ealaíon a comhbhrón in iúl ar chloisteáil faoi bhás Aodháin Madden, drámadóir, file agus comhalta Aosdána.
Ag labhairt di inniu, dúirt Sheila Pratschke, Cathaoirleach na Comhairle Ealaíon, “Scríbhneoir suntasach a bhí in Aodhán Madden a chuir go mór leis an drámaíocht, go háirithe i rith tréimhse bhisiúil sna 1980idí. Bhí a shaothar fréamhaithe ina thaithí laethúil féin san iriseoireacht agus sa mhúinteoireacht, ach bhí mianach na filíochta agus an cheoil le sonrú ann freisin agus é lán den daonnacht agus den chroíúlacht. Bhí drámaí leis ar an stáitse go minic in Amharclann na Péacóige agus in amharclanna eile, agus bhí meas agus ómós ag gach duine dá chomhoibrithe gairmiúla air.”
Drámadóir, scríbhneoir gearrscéalta agus file ab ea Aodhán. Chaith sé blianta fada ag obair mar iriseoir agus mar léirmheastóir leis an Irish Press sula ndeachaigh sé i mbun scríbhneoireachta do mheáin éagsúla lenar áiríodh na meáin chlóite, an stáitse, an raidió agus an scáileán. Léirigh an Amharclann Náisiúnta agus go leor de na léiritheoirí ba mhó i mBaile Átha Cliath a shaothar. Bhí Ray McNally, David Kelly agus Marie Kean le feiceáil sa chéad dráma leis, The Midnight Door, in Amharclann na Péacóige i 1983. I measc cuid de na drámaí stáitse eile leis, áirítear The Dosshouse Waltz (1985), Private Death of a Queen (1986) agus Sea Urchins (1998). Cuimsítear Night Train (1998) i measc na scripteanna scannáin leis. John Lynch a bhí ina stiúrthóir ar an scannán agus bhí John Hurt agus Brenda Blethyn ag aisteoireacht ann. Bronnadh Gradam Oz Whitehead don drámaíocht faoi dhó ar Madden as Remember Mauritania agus arís i 1985 as Private Death of a Queen. I 1985, bhain sé amach Gradam Herald Tribune as an dráma is fearr ag Féile Amharclannaíochta Bhaile Átha Cliath na bliana sin le Dosshouse Waltz. Foilsíodh a chuimhní cinn, Fear and Loathing in Dublin in 2009.
←Fill ar ais go dtí an nuacht