Dúirt Sheila Pratschke, Cathaoirleach na Comhairle Ealaíon,
“Fathach mór litríocht na hÉireann, bhí guth agus fís ag John Montague a bhí
sainiúil agus ag teastáil go géar, bhí sé báite sa saol áitiúil agus go hiomlán
ábhartha ag an am céanna, ach bhain sé sásamh as cultúir eile agus rinne sé
ceiliúradh orthu freisin. Aireoimid uainn go géar é ach leanfaidh a shaothar ar
aghaidh ag spreagadh léitheoirí agus scríbhneoirí ó ghlúin go glúin.”
Rugadh John in Brooklyn, Nua-Eabhrac, i 1929. Tógadh é i
gCo. Thír Eoghain, agus fuair sé a chuid oideachais ar an gColáiste Ollscoile,
Baile Átha Cliath, agus ar Ollscoil Yale agus Ollscoil California in Berkeley.
Bhí sé ar dhuine de bhunaitheoirí Claddagh Records, agus ceapadh ina uachtarán
ar Éigse Éireann é in 1979. Mhúin sé sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath,
i gColáiste na hOllscoile Corcaigh agus in Sorbonne. Bhí sé ina léachtóir freisin i gcúpla
ollscoil i Meiriceá, agus d’fhónaimh sé mar Scríbhneoir Gradamach Cónaithe ag
an New York State Writers Institute. I
measc a chuid filíochta bhí Forms of Exile (1958); Poisoned Lands (1961); A
Chosen Light (1967); Tides (1970); The Rough Field (1972), a léiríodh le
tionlacan ceoil ó na Chieftans ag an Roundhouse i Londain agus in Amharclann na
Péacóige; A Slow Dance (1975); The Great Cloak (1978); The Dead Kingdom (1984);
Mount Eagle (1988); The Love Poems (1992); Time in Armagh (1993); Collected Poems
(1995); Smashing the Piano (1999); Carnac (aistriúchán de shaothar an fhile
Guillevic as an bhFrainc a foilsíodh i 1999); Drunken Sailor (2001); Speech
Lessons (2011) agus New Collected Poems (2012). Bhain The Lost Notebook,
nóibhille atá lonnaithe san Fhrainc, an chéad Duais Hughes amach in 1987. Sa
bhliain 2000, scríobh sé cuimhní cinn, Company, agus d’fhoilsigh Penguin
Selected Poems dá chuid, agus in 2007 scríobh sé an dara himleabhar cuimhní
cinn, The Pear is Ripe. D’fhoilsigh sé trí chnuasach scéalta: Death of a
Chieftain (1964), An Occasion of Sin (1992) agus A Love Present (1997). Bhuaigh
sé Duais Marten Toonder in 1977, ánracht Guggenheim in 1980, agus Duais
Liteartha de chuid The Ireland Funds in 1995. Ba é an chéad duine a ceapadh mar
Ollamh Filíochta na hÉireann, ó 1998 go 2001. Bhí cónaí air i gCo. Chorcaí.
←Fill ar ais go dtí an nuacht