Cuireann an Chomhairle Ealaíon a comhbhrón in
iúl ar chloisteáil faoi bhás an fhile agus comhalta Aosdána Michael Smith.
Ag labhairt di
inniu, dúirt Sheila Pratschke, Cathaoirleach na Comhairle Ealaíon, “Chaill Éire
laoch filíochta nuair a chuaigh Michael Smith ar shlí na fírinne. Bhí tionchar
ollmhór ag a chuid oibre mar fhile, mar eagarthóir, mar aistritheoir agus mar
fhoilsitheoir ar dhomhan litríochta na hÉireann agus an domhain agus aireoimid
ar fad uainn é. Cuirimid ár gcomhbhrón ó
chroí in iúl dá bhean chéile Irene, dá thriúr iníonacha, dá gharchlann, dá
ghaolta agus dá chairde.”
File ba ea
Michael Smith, a bhí ina chomhalta d’Aosdána, a chaith a shaol ag fónamh
d’ealaín na filíochta i mBéarla agus i Spáinnis. Tugadh ‘nua-aoisí clasaiceach’
air; file de chuid an tsaoil chomhaimseartha. Rugadh i mBaile Átha Cliath é i
1942 agus bhunaigh sé an New Writers’ Press i 1967 agus is é a bhí freagrach as
foilsiú os cionn 100 leabhar agus irisleabhar. Theastaigh uaidh an traidisiún
comhaimseartha i bhfilíocht na hÉireann a chur chun cinn agus d’fhoilsigh sé
saothar le Thomas MacGreevy, Brian Coffey, Denis Devlin, Anthony Cronin agus
Michael Hartnett, i measc daoine eile. Bhunaigh sé agus bhí sé mar eagarthóir
ar an irisleabhar liteartha The Lace Curtain a raibh tionchar mór aige. Ó 1984
go 1989 bhí sé ina chomhalta de chuid Comhairle Ealaíon na hÉireann. D’aistrigh
sé go Béarla agus d’fhoilsigh sé roinnt de na filí is deacra agus is cumasaí sa
Spáinnis, lena n-áirítear Federico García Lorca, Pablo Neruda, Miguel Hernández
(Unceasing Lightning mar aon le Prison Poems de chuid Hernández) agus an bheirt
mháistrí de bharócachas na Spáinne, Francisco de Quevedo agus Luis de Góngora.
D’aistrigh sé chomh maith Manual de espumas le Gerardo Diego, Selected Poems le
José Hierro agus cnuasaigh de dhánta le Juan Jiménez agus le Luis Cernuda, i
measc daoine eile.
Foilsíodh a chuid
filíochta féin i roinnt cnuasach d’fhilíocht na hÉireann lena n-áirítear The
Penguin Book of Contemporary Irish Poetry, arna chur in eagar ag Derek Mahon
agus Peter Fallon, agus Contemporary Irish Poetry, arna chur in eagar ag
Anthony Bradley (University of California Press, 1980, 1988). I measc na leabhar
is déanaí uaidh (2004) tá The Purpose of the Gift, Maldon & Other
Translations (NWP/Shearsman), Collected Poems (Shearsman, 2009) agus Poems from
Other Tongues (Shearsman 2011). D’fhoilsigh sé i gceithre imleabhar
filíocht an fhile iontaigh as Peiriú ón 20ú haois, César Vallejo, Trilce agus
Complete Later Poems 1923-1938, The Black Heralds agus Selected Poems
(Shearsman), inar oibrigh sé leis an scoláire Peiriúch, Valentino Gianuzzi, a
chríochnaigh aistriúchán ar fhilíocht uile Vallejo go Béarla (d’fhoilsigh
Shearsman Books na himleabhair seo mar imleabhar amháin ina bhfuil beagnach 800
leathanach, agus glactar leis gurb é seo an leagan críochnaitheach Béarla
anois). D’fhoilsigh Shearsman Books a aistriúcháin ar Rosalia de Castro -
Selected Poems (i gcomhar le Luis Ingelmo); a aistriúchán ar Collected Poems
(Rimas) le Gustavo Adolfo Bécquer in 2008; i gcomhar le Luis Ingelmo chomh
maith, Complete Poems of Claudio Rodríguez agus (i gcomhar le Beatriz White)
Selected Poems of Juan Antonio Villacañas, Elsa Cross agus Veronica Volkov.
D’fhoilsigh Parlor Press a aistriúchán ar Cancionero y romancero de ausencia de
chuid Miguel Hernández sna Stáit Aontaithe in 2008.
Chuir sé roinnt
aistriúchán ar fáil i gcomhair The Whole Island: Six Decades of Cuban Poetry,
arna chur in eagar ag Mark Weiss (University of California Press, 2009).
D’fhoilsigh Shearsman leagan nua dá aistriúchán, le Luis Ingelmo, ar Cantes
Flamencos.
In 2001, fuair sé
an gradam aistriúcháin mór le rá, Bonn Acadamh na hEorpa, as a aistriúchán gan
locht ar mhórfhilí na Spáinne. Le blianta fada bhí sé ina léirmheastóir
liteartha rialta agus ina scríbhneoir gné-alt le The Irish Times agus chuir sé
trí eagrán de Poetry Ireland Review in eagar. Ba é an chéad scríbhneoir
cónaitheach é sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath.
←Fill ar ais go dtí an nuacht