Is mór is oth leis an gComhairle Ealaíon go bhfuil Tom McIntyre, file, drámadóir agus comhalta Aosdána, ar shlí na fírinne.
Dúirt Cathaoirleach na Comhairle Ealaíon, Kevin Rafter, inniu “Bhí tionchar mór ag Tom ar amharclannaíocht na hÉireann. Leis an ngrá a bhí aige don teanga, chruthaigh sé saothair atá ina machnaimh dosháraithe ar an áilleacht agus atá ar aon dul le plúr na bhfilí as deisceart Uladh: Cathal Buí Mac Giolla Ghunna, Peadar Ó Doirnín agus Séamas Dall Mac Cuarta. Bhain sé an-sásamh as an bhfocal labhartha agus scríofa agus tá taifead ar éabhlóid ár dteanga agus ár gcultúir le brath ar a shaothar le himeacht na mblianta. Chreid sé sna taibhsí agus sna spioraid, agus cuimhneoimid air agus aireoimid uainn é Oíche Shamhna seo.”
Rugadh McIntyre i gCoill an Chollaigh i 1931 agus is i dtraidisiún liteartha an Chabháin a chum sé a chuid dánta agus drámaí, i mBéarla agus i nGaeilge. D’fhógair sé in aois a sheacht mbliana gur scríbhneoir a bhí ann agus lean sé lorg Swift agus Sheridan d'aon turas, “who had traipsed across the same hills, under the same dark clouds, in their time.” Tá fuaimeanna agus cruthanna an tírdhreacha le brath go mór ina shaothar. Chruthaigh sé bailiúchán saothar atá amh agus brúidiúil, ach a bhfuil greann ann chomh maith. Cé gur minic go léirítear i saothar McIntyre míshástacht faoina bhfuil i ndán do chontae ar an teorainn, atá deighilte go seicteach, rud a dúirt sé atá freagrach as daoine, idir óg agus aosta, a thachtadh, léirítear freisin an pléisiúr a bhaintear as uathúlacht an dá theanga a úsáidtear sa saothar, ina ndéantar a chuid scéalaíochta agus áilleacht an tírdhreacha a cheiliúradh.
Scríobh McIntyre, ar bronnadh gradaim air, naoi ndráma dhéag agus cuireadh go leor díobh ar stáitse den chéad uair in Amharclann na Mainistreach, ina measc The Great Hunger faoi stiúir Patrick Mason, Rise Up Lovely Sweeney, What Happened to Bridgie Cleary, Sheep’s Milk on the Boil agus The Gallant John-Joe, dráma aisteoir aonair a scríobhadh do Tom Hickey. D’fhoilsigh McIntyre dhá úrscéal, sé chnuasach filíochta, lena n-áirítear 'Stories of the Wandering Moon', agus saothar scríofa eile dar teideal 'The Word for Yes'.
Thosaigh McIntyre amach ag imirt peile dá chontae i 1952 agus arís i 1957 sula ndeachaigh sé leis an múinteoireacht i gColáiste Choill Chluana Gabhann, in Ollscoil Michigan agus i gColáiste Williams, Massachusetts. Bhain sé Céim Mháistir amach sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Rinne sé cur síos ar an scríbhneoireacht mar roghnú dul go dtí an taobh uaigneach den tsráid, imeacht ón ngnáthphobal agus teacht air do ghuth féin. Bhí an méid sin ríthábhachtach do McIntyre.
Dúirt sé gur bealach anála a bhí ann, bealach le bheith, bealach le guí. Dúirt sé gur aistear a bhí ann, aistear inmheánach nach beag. Dúirt sé gurbh fhíor dó féin a rá gur aistear anama a bhí ann.
←Fill ar ais go dtí an nuacht