Tá brón curtha in iúl ag an gComhairle Ealaíon i dtaobh bhás Louis Stewart, comhalta de chuid Aosdána, a fuair bás.
Dúirt Sheila Pratschke, Cathaoirleach na Comhairle Ealaíon, “Bhí brón ar an gComhairle a chluinstin faoi bhás Louis Stewart. Chuir sé snagcheol na hÉireann chun cinn agus spreag sé glúnta níos óige de ghiotáraithe Éireannacha agus de shnagcheoltóirí eile a lean é. Is mór an chailliúint é.”
Chónaigh Louis Stewart i mBaile Átha Cliath agus aithníodh go forleathan é mar dhuine de na giotáraithe snagcheoil is fearr ar domhan. Ba é an chéad cheoltóir Éireannach a bhain mórcháil idirnáisiúnta amach sa réimse.
Bhí sé ina chumadóir agus ina cheoltóir araon agus ba é an chéad snagcheoltóir riamh a ndearnadh comhalta d’Aosdána de. Fuair sé dochtúireacht oinigh ó Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, freisin.
←Fill ar ais go dtí an nuacht