Chuir an
Chomhairle Ealaíon fáilte inniu roimh thionscnamh nua de chuid an Rialtais chun
cabhrú le healaíontóirí rochtain a fháil ar thacaí leasa shóisialaigh agus í ag
rá gurb ionann an scéim phíolótach agus céim fhorásach agus comhartha soiléir
ón rialtas go leagann Éire luach ar leith ar obair ealaíontóirí.
Tá sé mar
aidhm ag an tionscnamh, a d’fhógair an tAire Coimirce Sóisialaí, Leo Varadkar
TD, inniu, in éineacht leis an Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha,
Tuaithe agus Gaeltachta, Heather Humphreys TD, cabhrú le scríbhneoirí agus
amharc-ealaíontóirí féinfhostaithe a dhéanann iarratas ar an Liúntas
Cuardaitheora Poist. Faoin meicníocht nua, ní bheidh ealaíontóirí a
chomhlíonann sraith critéar faoi réir ‘phróiseas gníomhachtaithe’ na Roinne
Coimirce Sóisialaí go ceann 12 mhí. Agus í ag
labhairt ar maidin, dúirt Stiúrthóir na Comhairle Ealaíon Orlaith McBride gur
comhartha é an scéim phíolótach ón rialtas go bhfuil ról lárnach ag obair
ealaíontóirí i sochaí na hÉireann agus go bhfáiltítear roimpi.
“Leis an scéim
phíolótach, aithnítear den chéad uair riamh nach leanann ioncaim ealaíontóirí
na patrúin chéanna le hioncaim fhormhór na ndaoine,” a dúirt an tUasal McBride.
“Ar ndóigh glacann muid le tuairim an Aire Humphreys nach leigheas é an
tionscnamh seo ar gach rud -- agus go bhféadfadh nach mbeidh feidhm aige ach
maidir le líon réasúnta beag ealaíontóirí -- ach tá muid geallta chun oibriú as
lámh a chéile léise agus leis an Aire Varadkar i gcaitheamh an 12 mhí atá
romhainn chun monatóireacht agus measúnú a dhéanamh ar an tionscnamh seo, agus,
tá súil againn go mbeidh muid in ann é a mhéadú agus a fheabhsú i gcaitheamh na
mblianta atá romhainn.”
Tá an
Chomhairle Ealaíon, an ghníomhaireacht stáit chun na healaíona a fhorbairt, ag
tacú le healaíontóirí le fada an lá, agus tá taighde foilsithe aici a léiríonn
go mbíonn ioncaim ealaíontóirí níos ísle ar an meán ná ioncam daoine i
mbeagnach gach earnáil eile. Mar chuid dá sainchúram faoin Acht Ealaíon (2003),
cuireann an ghníomhaireacht comhairle ar an Rialtas faoi ábhair a bhaineann
leis na healaíona, agus sna blianta atá thart, tá beartas léargasach, ar nós na
díolúine cánach d’ealaíontóirí agus cruthú Aosdána, molta, spreagtha agus
tionscanta aige.
←Fill ar ais go dtí an nuacht