Ag an Project Arts Centre
Toisc gur éirigh chomh maith sin le hOíche Fhada an Ghearrscéil ag Féile Ealaíon na Gaillimhe in 2015, cuireann Anne Enright, an Laureate i gcomhair Ficsean Éireannach, cúigear scríbhneoir agus cúig ghearrscéal i láthair, le freagraí ceoil ó Lisa O’Neill.
Agus iad ag dul go bun an angair, cuirfidh na scríbhneoirí draíocht ort le linn Oíche Fhada an Ghearrscéil. Beidh scríbhneoirí mar Mike McCormack, Lisa McInerney, Danielle McLaughlin agus Colm Tóibín i láthair ar an oíche. Rachaidh an t-airgead go léir a bhaileofar ar an oíche chuig Iontaobhas Peter McVerry
Sheila Pratschke, Cathaoirleach na Comhairle Ealaíon
“Ar an 21 Nollaig – grianstad an gheimhridh – tá cuireadh tugtha againn do mhuintir na hÉireann a bheith inár dteannta ag ceiliúradh roinnt den scríbhneoireacht is breátha dá bhfuil in Éirinn. Is seaimpín iontach d’fhoirm an ghearrscéil í Anne Enright, ár Laureate i gcomhair Ficsean Éireannach, agus táimid mórtasach cuidiú léi léargas a thabhairt ar áilleacht agus ar iontaisí an ghearrscéil ar an oíche fhada, dhorcha seo.”
Anne Enright
“Cúigear scríbhneoirí, cúig scéal iomlána, gach ceann le freagairt cheoil ó Lisa O’Neill, an bhean iontach as Co. an Chabháin. Níl aon deifir orainn. Is ócáid mhachnaimh agus turas í Oíche Fhada an Ghearrscéil i gcomhluadar roinnt de na scríbhneoirí is breátha in Éirinn (beidh a ngradaim le feiceáil go tréan).” Léann Colm Tóibín, Lisa MacInerney, Danielle McLaughlin, Mike McCormack agus an coimeádaí Anne Enright, scéalta le haghaidh na hoíche is faide den bhliain sa Project Arts Centre, ar an 21 Nollaig.
Mike McCormack
“Cheap mé riamh go raibh na smaointe b’fhiáine dá raibh agam, na heachtraí b’iargúlta, le fáil i mo chuid gearrscéalta.”
Danielle McLoughlin
“Diabhal bealach níos fearr le grianstad an gheimhridh a cheiliúradh, nach túisce anonn ná anall é, ná an meascán draíochtach seo de cheol agus gearrscéalta. Táim ar bís, agus an-mhórtasach, a bheith mar chuid de, agus táim ríméadach go speisialta go bhfuil an t-airgead a bhaileofar ag dul chuig Iontaobhas iontach Peter McVerry, carthanas atá ag déanamh obair na gcapall.”
Tionscnamh de chuid na Comhairle Ealaíon é an Laureate i gcomhair Ficsean Éireannach agus tá tacaíocht á fáil dó ón gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath (UCD), ó Ollscoil Nua-Eabhrac (NYU) agus ó The Irish Times. Rinneadh forbairt ar an onóir chun litríocht Éireannach a chur chun cinn go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta, chun an chéad ghlúin eile de scríbhneoirí a spreagadh agus chun an pobal a spreagadh le suim a chur i bhficsean Éireannach ardchaighdeáin.
←Fill ar ais go dtí an nuacht