Cuirfidh leanaí agus daoine óga tús leis an gceiliúradh don chéad Seachtain Scoileanna Ildánacha inniu, agus leanfaidh siad ar aghaidh le himeachtaí atá treoraithe ag scoláirí agus a dearadh chun institiúidí ealaíon agus cultúrtha a athrú ó bhonn i gcúig shuíomh, agus i mílte scoil agus aonad Ógtheagmhála ar fud na hÉireann.
Déanfar Tionscnamh na Scoileanna Ildánacha, a bhfuil sé mar aidhm leis na healaíona agus an chruthaitheacht a chur i gcroílár shaol na leanaí agus na ndaoine óga, a cheiliúradh mar chuid den tseachtain seo. Dhúbláil an Rialtas líon na scoileanna rannpháirteach go díreach sa tionscnamh chuig 300.
Beidh na príomhimeachtaí lae ar siúl i mBealach Féich, i gCorcaigh, i nGaillimh, sa Mhuileann gCearr, agus i mBaile Átha Cliath chun deis a thabhairt do leanaí agus daoine óga ó na Scoileanna Ildánacha agus ó na Braislí Ildánacha a gcuid oibre a roinnt. Tá na himeachtaí uile ar oscailt don phobal agus áirítear leo ceardlanna atá treoraithe ag scoláirí, taibhithe beo agus taispeántais ina mbeidh meabhairmhapaí, pleananna, déantáin, agus píosaí físeáin le feiceáil. Anuas air sin, cuireadh fáilte roimh gach scoil sa Stát – beagnach 4,000 bunscoil, iar-bhunscoil agus ionad Ógtheagmhála – páirt a ghlacadh i gceiliúradh na seachtaine agus cuireadh pacáiste ceiliúrtha ar fáil le híoslódáil do scoileanna.
“Is deis atá ann sa tseachtain seo do leanaí, do dhaoine óga agus do mhúinteoirí an chruthaitheacht a cheiliúradh ina scoileanna,” a dúirt Joe McHugh TD, an tAire Oideachais agus Scileanna. “Molaim go mór do gach scoil sa tír páirt a ghlacadh sa tionscnamh seo -- glacaigí seilbh ar idirchum na scoile agus craol píosa filíochta nó amhráin, nó nochtaigí múrphictiúr nó limistéar graifítí i bhur scoil!”
Mhol an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, Josepha Madigan T.D., an tionscnamh go hard na spéire: “Is léiriú é an chomhpháirtíocht seo ar an méid ar féidir a bhaint amach nuair a oibríonn gach ceann dár ranna agus dár ngníomhaireachtaí le chéile. Bainfidh leanaí scoile na linne seo agus leanaí na todhchaí tairbhe as an gclár cruthaitheach seo.”
Dúirt Cathaoirleach na Comhairle Ealaíon/Stiúrthóir Kevin Rafter/Orlaith McBride an méid seo a leanas: “Tá an-áthas ar an gComhairle Ealaíon Scoileanna Ildánacha a sheachadadh mar chuid den chlár trasrialtais, Éire Ildánach, i gcomhpháirt leis an Roinn Oideachais agus Scileanna; an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta; agus an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige. Tá an Chomhairle Ealaíon ag oibriú go dian le roinnt blianta anuas le cinntiú go ndéantar na healaíona a leabú i saolta leanaí. Is deis iontach atá ann i Scoileanna Ildánacha do leanaí agus do dhaoine óga le dul i ngleic leis na healaíona ina dtimpeallacht scoile ag oibriú le healaíontóirí, múinteoirí, eagraíochtaí ealaíon agus le pobal iomlán na scoile. Is scileanna ríthábhachtacha iad an chruthaitheacht agus an cumas le bheith samhlaíoch agus nuálach agus d’fhéadfaí na scileanna seo a chothú agus a fhorbairt trí rochtain a fháil ar na healaíona. Is cúis mhór bhróid dúinn tacú leis an gcéad Seachtain Scoileanna Ildánacha atá ar siúl ar fud na tíre an tseachtain seo, agus táimid ag súil go bhfásfaidh agus go leathnóidh an clár de réir mar a fhorbraímid é.”
Tá Seachtain na Scoileanna Ildánacha ar siúl idir Dé Luain an 4 Samhain go dtí Dé hAoine an 8 Samhain, agus reáchtálfar imeachtaí lae in Ionad Ealaíon Bhalair, Bealach Féich, Co. Dhún na nGall (Dé Luain); in Ionad Ealaíon Triskel, Cathair Chorcaí (Dé Máirt); Amharclann Oileán Altanach, Cathair na Gaillimhe (Dé Céadaoin); Ionad Ealaíon an Mhuilinn Chearr, Co. na hIarmhí (Déardaoin); agus Gailearaí Náisiúnta na hÉireann, Cathair Bhaile Átha Cliath (Dé hAoine).
Cuirfidh na himeachtaí seo deiseanna ar fáil do leanaí agus daoine óga ar fud na hÉireann ceannas a ghlacadh agus a bhfoghlaim agus a rannpháirtíocht i saol ealaíonta, cultúrtha agus cruthaitheach na scoile agus an phobail i gcoitinne a roinnt agus a chur ar taispeáint.
Féadfaidh scoileanna atá ag óstáil a n-imeachtaí ceiliúrtha scoile féin iad a fhógairt ar Twitter, Facebook nó Instagram ag úsáid na haischlibeanna #ÁrScoilIldánach agus #OurCreativeSchool.
Anuas air sin, beidh an ceathrú Lá Thairseach Náisiúnta na nEalaíon san Oideachas ar siúl ar an 9 Samhain in The Institute for Lifecourse and Society (ILAS), Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, i gcomhpháirtíocht le ILAS agus Baboró. Áirítear i measc na n-imeachtaí beartaithe raon leathan de cheardlanna praiticiúla agus comhroinnte scileanna mar aon le ceardlanna ar an smaointeoireacht theoiriciúil agus chriticiúil i ndáil leis an réimse a stiúrfaidh ealaíontóirí, múinteoirí agus cleachtóirí ó réimsí éagsúla den earnáil. Tiocfaidh daoine atá rannpháirteach sna ealaíona san oideachas ó cheantair ar fud na hÉireann le chéile don imeacht seo chun a dtaithí a roinnt, chun foghlaim, le labhairt, le líonrú a dhéanamh, le spreagadh a fháil agus le dea-chleachtas sa réimse a fhiosrú.
←Fill ar ais go dtí an nuacht