D'fhógair an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, Josepha Madigan inniu, Dé Luan an 23ú Aibreann, rogha an ealaíontóra, Eva Rothschild agus Mary Cremin mar choimeádaí chun ionadaíocht a dhéanamh ar Éirinn ag 58ú Biennale Ealaíne na Veinéise in 2019.
Tá Biennale Ealaíon na Veinéise ar cheann de na hardáin idirnáisiúnta is tábhachtaí do na hamharcealaíona, agus tugann níos mó ná leathmhilliún duine cuairt air gach bliain. Roghnaíodh an fhoireann chun ionadaíocht a dhéanamh thar ceann na hÉireann tar éis gur reáchtáladh próiseas iomaíoch oscailte, le moltóirí idirnáisiúnta. Is páirtnéireacht de chuid Chultúr Éireann é Éire sa Veinéis, i gcomhar leis an gComhairle Ealaíon.
Dúirt an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, Josepha Madigan: "Tá Biennale na Veinéise mar thaispeántas domhanda d'ealaíontóirí agus cuireann sé ardán suntasach ar fáil d'Eva Rothschild mar ealaíontóir roghnaithe na hÉireann chun dul i ngleic le lucht féachana, coimeádaithe agus gaileoirí idirnáisiúnta agus deiseanna idirnáisiúnta agus feasacht ar ár n-earnáil láidir amharcealaíona a mhéadú. Guím gach rath ar Eva agus Mary Cremin, coimeádaí, le linn a dtaispeántais a fhorbairt don Biennale”.
Tá molta ag Eva Rothschild pailliún a thógfaidh ar phlé reatha maidir le meabhrúcháin ar phriacal, athrú ar an gcomhshaol agus an éagobhsaíocht pholaitiúil leanúnach - agus an tionchar a bhíonn aige orainn go pearsanta. Trí ábhair agus dealbha a úsáid, cruthóidh sí timpeallacht thumtha a iarrann ar an lucht féachana ceistiú cad é ár ról mar shaoránaigh dhomhanda agus conas a dhéanaimid difear d'athrú sa stáitse polaitiúil reatha.
Eva Rothschild; ‘Tá an-áthas orm gur roghnaíodh mé chun ionadaíocht a dhéanamh ar Éirinn i Veinéis 2019, táim ag tnúth le bheith ag obair go dlúth le Mary Cremin agus leis an bhfoireann ag Void chun an pailliún a fhorbairt. Is é mo rún ná timpeallacht dealbhóireachta a dhéanamh a ghlacann le hathruithe sóisialta reatha trí ionchódú, láithreacht agus ábharthacht. Ba mhaith liom staid a chruthú a thugann le tuiscintí ilghnéitheacha iomadúla maidir le hathchóiriú agus athordú ina bhfuil sé deacair idirdhealú athnuachan ar theip’.
Is í Mary Cremin, Stiúrthóir, Gailearaí Void i nDoire~Londaindoire Coimisinéir/Coimeádaí na hÉireann i Veinéis 2019, a thacóidh le seachadadh an taispeántais. Deir Cremin, ‘Is ealaíontóir suntasach í Eva Rothschild de thábhacht idirnáisiúnta agus náisiúnta. Táim an-áthas orm agus is onóir dom a bheith ag obair léi ar Pháiliún na hÉireann do Biennale na Veinéise in 2019. Tacóidh foireann iontach Gailearaí Void linn. Beidh an tionscadal seo ar cheann de na pailliúin is spreagúla agus is dinimiciúla de chuid na hÉireann, agus béim ar neart agus éagsúlacht chleachtas ealaíne na hÉireann agus tógáil ar cháil reatha ealaíontóirí Éireannacha go hidirnáisiúnta’
←Fill ar ais go dtí an nuacht