Tá a dtaispeántas uathúil féin coimeádta ag daltaí cúigiú bliana i Meánscoil Loretto Chluain Meala de phictiúir agus dealbha ó Bhailiúchán na Comhairle Ealaíon, agus tá sé oscailte ag an ionad ealaíon áitiúil don phobal don chúig seachtaine amach romhainn.
D’oibrigh na daltaí Ardteistiméireachta go dlúth leis an amharc-ealaíontóir Mollie Anna King, Ionad Ealaíon Thiobraid Árann Theas, Oifig Ealaíon Thiobraid Árann agus leis an gComhairle Ealaíon chun Transition a chruthú, a bheidh ar siúl ón 11 Aibreán go dtí an 18 Bealtaine ag an ionad i gCluain Meala.
Sa tionscadal seo, roghnaigh déagóirí go cúramach ó bhailiúchán iontach na Comhairle Ealaíon de bheagnach 1,100 saothar d’ealaín nua-aimseartha agus chomhaimseartha na hÉireann, agus d’fhoghlaim siad dóibh féin gach gné den choimeád, idir an phleanáil, an fhorbairt, saothair a roghnú agus maoirsiú a dhéanamh ar shuiteáil sa dánlann.
Tá saothair ó na healaíontóirí John Behan, Carmel Benson, Pauline Bewick, Melanie leBrocquy, Jennifer Brady, Michelle Brown, Amanda Coogan, Dorothy Cross, Mary Ann Duffy, Anita Groener, Dragana Jurisic agus Helena Kelly le feiceáil in Transition.
Dúirt Orlaith McBride, Stiúrthóir na Comhairle Ealaíon, inniu:
“Tá áthas ar an gComhairle Ealaíon a bheith páirteach sa tionscadal iontach seo a thugann deis do dhaltaí taithí a fháil ar bheith ag obair go díreach le ceann de bhailiúcháin náisiúnta na tíre chun taispeántas uathúil a dhearadh roghnaithe as na hAmharc-ealaíontóirí Éireannacha is tábhachtaí ó na 1960idí go dtí an lá atá inniu ann.
Agus í ag tréaslú leis na daltaí dúirt sí gur ionann tionscadail cosúil le Transition ceann de phríomhthosaíochtaí na Comhairle Ealaíon maidir le tacú rannpháirtíocht an phobail leis na healaíona, mar atá leagtha amach ina straitéis deich mbliana – Saothar Ealaíne Iontach a Tháirgeadh: Forbairt na nEalaíon a Threorú.
Chun tuilleadh eolais a fháil maidir le saothair a fháil ar iasacht ó Bhailiúchán na Comhairle Ealaíon, téigh i dteagmháil le Ben Mulligan, Oifigeach Bailiúchán: Amharc-ealaíona, ben.mulligan@artscouncil.ie.
←Fill ar ais go dtí an nuacht