Tá an scéim á cómhaoiniú ag an gComhairle Ealaíon ach á riar ag Comhairle Náisiúnta Óige na hÉireann. Tabhair faoi ndeara go bhféadfadh coinníollacha agus critéir eile a bheith ag baint leis an dámhachtain seo seachas na cinn a bhaineann le dámhachtainí atá á riar go díreach ag an gComhairle Ealaíon. Ba chóir iarratais ar eolas nó ar fhoirmeacha iarratais a sheoladh go díreach chuig Comhairle Náisiúnta Óige na hÉireann.
Tá an Scéim d'Ealaíontóirí san Obair don Óige á tairiscint chun deiseanna níos forleithne agus níos fearr a thabhairt do dhaoine óga dul i dtaithí ar na healaíona agus a bheith rannpháirteach iontu.
Is í aidhm na scéime ná comhar ealaíne idir ealaíontóirí gairmiúla agus daoine óga a spreagadh. Beidh deis ag daoine óga a bheith ag obair i gcomhar le sárchleachtóirí ealaíne, agus a bheith ag foghlaim uathu freisin. Ar an láimh eile, beidh ealaíontóirí in ann a gcleachtas gairmiúil féin a shaibhriú trí thaithí a fháil ar bheith ag obair i gcomhthéacsanna le daoine óga.
Tá dhá dhámhachtain ann faoin scéim seo, Dámhachtain an Ealaíontóra Chónaithe agus an Dámhachtain um Fhorbairt na nEalaíon don Óige.
Is é an spriocdháta le haghaidh iarratas ná 5pm Déardaoin 29 Meán Fómhair 2011.
Chun tuilleadh faisnéise a fháil, tabhair cuairt ar shuíomh Gréasáin Chomhairle Náisiúnta Óige na hÉireann anseo.
←Fill ar ais go dtí an nuacht