Márta 2012
Tá coimisiúnú déanta ag an gComhairle Ealaíon ar athbhreithniú ar léirithe ar dhrámaí dualgais an churaclaim in amharclanna le haghaidh lucht féachana daltaí meánscoile. Táthar ag lorg aighneachtaí ó pháirtithe leasmhara chun cur leis an bpróiseas athbhreithnithe. Déanfar scrúdú san athbhreithniú ar mhúnlaí reatha cleachtais agus ar na bealaí ina bhféadfadh an Chomhairle Ealaíon leanúint ag tacú le daltaí dul i ngleic leis an téatar maidir le drámaí atá ar churaclam na scoile.
Is é 12 meán lae Dé Céadaoin, an 4 Aibreán 2012 an spriocdháta chun aighneachtaí a chur isteach.
Tá faisnéis teagmhála sa pháipéar plé agus san fhoirm iarratais thíos.
←Fill ar ais go dtí an nuacht