Ghlac daoine óga ó ensembles ar bronnadh maoiniú orthu in 2010 trí Scéim Ensembles na nÓg de chuid na Comhairle Ealaíon páirt i dtaispeántas agus imeacht líonraithe ar an 5 Márta 2011. Bhí Gailearaí Lewis Glucksman, a d’eagraigh tionscadal a fuair tacaíocht faoin scéim, ina óstach ar an imeacht seo agus rinne an Gailearaí éascú uirthi sa ghailearaí i gCathair Chorcaí i gcomhpháirt leis an gComhairle Ealaíon.
Leagann an Chomhairle Ealaíon luach ollmhór ar na daoine óga agus na ceannairí ealaíon óige a dhéanann saothar ealaíne a fhorbairt faoin scéim agus bhíomar thar a bheith sásta le hardchaighdeán na dtionscadal a bhí ar taispeáint ar an lá.
←Fill ar ais go dtí an nuacht