Le tacaíocht ón Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, tá an Scéim Chaipitiúil Ceoil ag leanúint ar aghaidh agus céim tosaigh na treoirscéime thart (2008 - 2010). Tá an scéim ar fáil in dhá shraith arís; Sraith 1 chun uirlisí a cheannach do ghrúpaí taibhléirithe neamhghairmiúla agus Sraith 2 chun uirlis a cheannach do cheoltóirí ardoilte a sheinneann ar leibhéal gairmiúil in aon seánra ceoil.
Is é an spriocdháta i gcomhair iarratas ar an scéim ná Dé Máirt an 04 Deireadh Fómhair 2011, ag 5.30pm, agus ní mór go mbeadh iarratais in oifigí Music Network i bhfoirm chruachóipe, faoin tráth sin.
Tá na foirmeacha iarratais agus na treoirlínte ar fáil ar shuíomh Gréasáin Music Network, i bhformáidí PDF agus Word.
Chun faisnéis a fháil faoin Scéim Chaipitiúil Ceoil nó fiosrúcháin a dhéanamh ina leith, téigh i dteagmháil le Aisling Ryan ag capitalscheme@musicnetwork.ie nó ar 01 4433320.
←Fill ar ais go dtí an nuacht