D'fhógair an tUachtarán Mícheál D. Ó hUiginn gurb í an t-údar agus an maisitheoir Niamh Sharkey Laureate na nÓg, laureate na hÉireann le haghaidh litríochta do leanaí, agus bhronn sé bonn Laureate na nÓg uirthi ag imeacht speisialta ag an gComhairle Ealaíon.
Tionscnamh de chuid na Comhairle Ealaíon is ea Laureate na nÓg a bhfuil tacaíocht aige ó Oifig an Aire Leanaí agus Gnóthaí Óige, Leabhair Pháistí Éireann, Éigse Éireann agus Comhairle Ealaíon Thuaisceart Éireann. Bunaíodh an onóir le cur le rannpháirtíocht daoine óga i litríocht ardchaighdeáin do leanaí agus chun béim a chur ar an tábhacht atá le litríocht leanaí inár saol cultúrtha agus samhlaíoch.
Is údar agus maisitheoir leabhar pictiúr leanaí í Niamh, agus aistríodh a cuid leabhar go dtí breis is scór teanga. Bhain a cuid leabhar gradaim éagsúla amach lena n-áirítear an Gradam iomráiteach Mother Goose Award agus Gradam Leabhar na Bliana Bisto. Is í Niamh a chruthaigh The Happy Hugglemonsters, agus tá sí mar léiritheoir cúnta air, sraith beochana 52 eipeasóid do leanaí réamhscoile, agus tá an tsraith bunaithe ar a leabhar The Hugglewugs, agus beidh sé á chraoladh ar Disney Junior in os cionn 150 tír in 2012.
Ag labhair di faoina ceapachán dúirt Niamh Sharkey: "Is onóir mhór dom gur roghnaíodh mé mar Laureate na nÓg. Is déantóir leabhar pictiúr mé mar sin beidh mé ag díriú ar chúrsaí físe chomh maith le cúrsaí liteartha i mo thréimhse mar Laureate. Beidh deis agam tuilleadh den obair is breá liom a dhéanamh a chur i gcrích - litríocht leanaí ar ardchaighdeán a chur chun cinn agus leanaí a spreagadh chun leabhair a léamh, a bheith ag scríobh agus ag tarraingt pictiúr. Tá go leor smaointe agam agus tá súil agam go spreagfaidh siad an chruthaitheacht i leanaí, is cuma cén aois iad. Táim ar bís agus is fada liom go dtosóidh mé."
Dúirt Pat Moylan, Cathaoirleach na Comhairle Ealaíon: "Tarraingíonn an post mar Laureate na nÓg aird ar an luach atá ag an litríocht agus ag na healaíona i saol leanaí agus daoine óga. Tá ríméad ar an gComhairle Ealaíon tacaíocht a thabhairt don ról tábhachtach sin, a chuireann ar chumas saoránaigh óga na hÉireann cleachtadh a fháil ar litríocht agus ar mhaisiúcháin ó bhíonn siad an-óg."
Dúirt Mags Walsh, Stiúrthóir Leabhair Pháistí Éireann: "Sa dá bhliain ó bunaíodh é, tá an ról mar Laureate na nÓg in ann aird a tharraingt agus ceiliúradh a dhéanamh ar an tallann agus ar an bpaisean thar cuimse atá i bpobal leabhar leanaí na hÉireann. Trí aird náisiúnta agus idirnáisiúnta a thabhairt do leabhair pháistí na hÉireann, tá Laureate na nÓg ag léiriú go bhfuil ról lárnach ag leabhair i saol gach ógánach in Éirinn."
←Fill ar ais go dtí an nuacht