Clár Cultúir na hEorpa: I Meitheamh 2010, d’fhoilsigh Grúpa Oibre an Mhodh Oscailte um ‘fhorbairt sineirgí le hoideachas, go háirithe le hoideachas sna healaíona' a Thuarascáil Scoir. Chíor an grúpa ceisteanna faoi oideachas ealaíne agus cultúir (agus cúrsaí trasdisciplíneacha, oideachas oidhreachta agus litearthacht sna meáin san áireamh), riachtanais oiliúna múinteoirí, ealaíontóirí agus gairmithe cultúir eile, comhpháirtíochtaí leis an tsochaí shibhialta agus ról na n-eadránaithe, mar aon le measúnú ar éifeachtaí an oideachais ealaíne agus cultúir. Tá moltaí sa Tuarascáil Scoir faoi chúrsaí ar leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal na hEorpa araon, agus áirítear uirthi cnuasach de na cás-staidéir ar ar bunaíodh na moltaí atá inti mar aon le moltaí faoina thuilleadh oibre amach anseo. Cuirfidh an Tuarascáil ábhar ar fáil le haghaidh díospóireachtaí an Choiste Gnóthaí Cultúrtha faoi Phlean Oibre Cultúir na Comhairle don tréimhse ó 2011 ar aghaidh.
←Fill ar ais go dtí an nuacht