D’fhoilsigh an Chomhairle Ealaíon a straitéis nua inniu, Saothar Ealaíne Iontach a Tháirgeadh. Leagtar a plean amach inti maidir le forbairt na n-ealaíon in Éirinn sna deich mbliana atá romhainn, tugtar tús áite inti don ealaíontóir agus do rannpháirtíocht an phobail, agus tugtar breac-chuntas inti ar réimse gníomhartha a dhéanfaidh an ghníomhaireacht lena fís a thabhairt chun críche.
D’athdhearbhaigh an Chomhairle a tiomantas do shármhaitheas, do shaoirse cainte agus d’éagsúlacht i gcomhthéacs na hÉireann atá i mbun athrú agus dúirt sí go dtabharfadh sí ceannaireacht mar an comhlacht saineolach sna healaíona trína tacaíocht, sainchomhairle, infheistíocht agus comhpháirtíochtaí straitéiseacha.
Dúirt Sheila Pratschke, Cathaoirleach na Comhairle Ealaíon: “Is iad athrú agus athnuachan fócas na straitéise seo. Oibreoimid lenár gcomhpháirtithe chun athrú in earnáil na n-ealaíon agus eile a bhaint amach ach tá a fhios againn gur gá dúinn athruithe a dhéanamh sinn féin i dtús báire: maidir leis an méid a dhéanaimid agus leis an gcaoi a ndéanaimid é.”
Dúirt Orlaith McBride, Stiúrthóir na Comhairle Ealaíon: “Tá sé ar intinn againn, sna deich mbliana amach romhainn agus tríd an straitéis seo, lárnacht na n-ealaíon i saol na hÉireann a láidriú trínár dtacaíocht, trí thacú le healaíontóirí ar feadh a ngairmeacha, trí rannpháirtíocht mórán gníomhaireachtaí i soláthar cultúrtha, trí thionchar na n-ealaíon ar an ngeilleagar cruthaitheach, agus trí mhéid agus fairsinge rannpháirtíocht na ndaoine sna healaíona.”
Cuirfear an straitéis 10 mbliana i bhfeidhm trí thimthriallta pleanála trí bliana, lena n-áirítear comhaontuithe maoiniúcháin le heagraíochtaí ealaíon.
D’fhonn tacú le foilsiú na straitéise agus d’fhonn bonn eolais a chur faoi ullmhú an chéad phlean forfheidhmithe trí bliana (2017-2019), óstálfaidh an Chomhairle sraith cruinnithe agus ceardlann le páirtithe leasmhara agus iarrfaimid freagairtí trí fhóram ar líne. Tá siad sin le bheith ar siúl i mí Dheireadh Fómhair agus i mí na Samhna. Fógrófar sonraí faoin bpróiseas rannpháirtíochta seo sna seachtainí atá romhainn.
críoch
Saothar Ealaíne Iontach a Tháirgeadh, a íoslódáil anseo (PDF, 3.29 MB)
←Fill ar ais go dtí an nuacht