Bhí Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUigínn, i gceannas ar ócáid bheag phríobháideach inniu, Dé Luain an 4 Meán Fómhair 2017, chun comóradh a dhéanamh ar cheapadh an drámadóra Tom Murphy ina Shaoi de chuid Aosdána. Bronntar teideal an tSaoi as ucht saothar leanúnach uathúil den scoth a chruthú sna healaíona, agus bhronn an tUachtarán Torc órga, siombail na hoifige ar Tom. Bhí an comóradh ar siúl ag 11.30 r.n.
Bhunaigh an Chomhairle Ealaíon Aosdána i 1981 chun aitheantas a thabhairt d'ealaíontóirí a chuir go mór leis na healaíona in Éirinn. Tá ballraíocht d’Aosdána, a bhaintear amach trí ainmniúchán ó phiaraí agus trí thoghchán, oscailte d’ealaíontóirí atá bainteach le hailtireacht, le cóiréagrafaíocht, le ceol, le litríocht agus leis na hamharc-ealaíona, agus, i láthair na huaire, tá 248 comhalta ag an gcomhlacht. Ní mór do na comhaltaí a bheith ina gcónaí in Éirinn ar feadh cúig bliana (nó go raibh cónaí in Éirinn orthu) agus líon substainteach saothar bunaidh ealaíne a bheith cruthaithe acu.
Is iad comhaltaí Aosdána a ainmníonn agus a cheapann na Saoithe agus ní féidir an gradam seo a bheith ag níos mó ná seachtar comhaltaí ag aon am amháin. Is iad Seoirse Bodley (ceol), George Morrison (scannánaíocht), Edna O’Brien (litríocht), Camille Souter (na hamharc-ealaíona) agus Imogen Stuart (na hamharc-ealaíona) na Saoithe reatha.
Bhí clann agus cairde an ealaíontóra i láthair, a bhean chéile Jane Brennan, Garry Hynes, Marie Mullen agus Sean McGinley san áireamh. Bhí Stiúrthóir na Comhairle Ealaíon, Orlaith McBride agus Comhalta na Comhairle Ealaíon, Joan Sheehy, i láthair freisin.
←Fill ar ais go dtí an nuacht