Roghnaíodh 11 eagraíocht Éireannacha do Mhaoiniú Comhair ón Eoraip Chruthaitheach in 2019.
Thréaslaigh an Chomhairle Ealaíon le 11 eagraíocht Éireannacha ar bronnadh maoiniú suntasach ón Aontas Eorpach orthu. Is tionscadail mhóra iad na cinn a roghnaíodh faoi Chlár Comhair na hEorpa Cruthaithí, agus tá raon leathan de ghníomhaíochtaí ealaíonta agus cultúrtha ina measc.
Beidh tionchar fadtéarmach ag na tionscadail seo ar na heagraíochtaí féin agus ar earnáil na n-ealaíon agus an chultúir i gcoitinne, dar leis an gComhairle Ealaíon.
Treoróidh Comhairle Dhearaidh agus Cheardaíochta na hÉireann agus Institiúid Teicneolaíochta Luimnigh dhá thionscadal agus is iad seo a leanas na heagraíochtaí comhpháirtithe: Fóram Amharclannaíochta; Téatar Ógra Éireann; Sorcas Pobail na Gaillimhe; Compántas Amharclannaíochta Outlandish; First Music Contact; Féile Lárshamhraidh Chorcaí; Cumann Náisiúnta na gCór/Sing Ireland; CWB; agus Blue Teapot.
Ag labhairt di faoin bhfógra, dúirt Orlaith McBride, Stiúrthóir na Comhairle Ealaíon:
“Roghnaíodh 11 tionscadal iontacha, ag a bhfuil comhpháirtithe Éireannacha, faoin Eoraip Chruthaitheach i mbliana. Is údar bróid don Chomhairle Ealaíon go dtugaimid tacaíocht do neart de na heagraíochtaí rathúla trína cláir Maoinithe Straitéisigh agus Maoinithe Deontais do na hEalaíona, agus ní bhainfidh na heagraíochtaí amháin tairbhe as an rath seo ach bainfidh an earnáil níos leithne, lucht féachana agus pobail Éireannacha uile leas as.
“Tá eagraíochtaí ealaíon agus cultúir Éireannacha san iomaíocht go leanúnach ag an leibhéal is airde san Eoraip, agus iad ag tógáil ar an rath a bhí acu go dtí seo agus ag cur lena n-uaillmhian le tabhairt faoi thionscadail nuálacha ar scála mór.”
Bronnadh €3 mhilliún go díreach ar eagraíochtaí Éireannacha go dtí seo faoin gclár, an Eoraip Chruthaitheach 2014–2020.
Foilsíodh liosta iomlán de thorthaí an mhaoinithe tionscadail faoi Chlár Comhair na hEorpa Cruthaithí ar shuíomh gréasáin na Gníomhaireachta Feidhmiúcháin Oideachais, Closamhairc agus Cultúir (EACEA) anseo.
←Fill ar ais go dtí an nuacht