Déanann an Chomhairle Ealaíon comhghairdeas leis an údar Donal Ryan tar éis dó an Duais Eorpach maidir le Ficsean 2015 a bhuachan as a úrscéal, The Spinning Heart. Is í an duais ardghradaim seo an gradam is déanaí a bronnadh air as a chéad úrscéal, ina léirítear an tionchar atá ag tobchliseadh an gheilleagair in Éirinn ar an bpobal i sráidbhaile beag i gContae an Chláir.
Agus í ag caint ar an duais, mhaígh Sheila Pratschke, Cathaoirleach na Comhairle Ealaíon: “Tá lúcháir ar an gComhairle Ealaíon gur ghnóthaigh Donal Ryan an Duais tráthnóna aréir. De bharr na cluaise íogaire atá ag Ryan don chaint, tá sé ábalta an uile mhothú agus thon a ghabháil, idir mhianchumha agus ghreann dubh agus dhúlagar agus éadóchas. Guth liteartha atá aige a fhreagraíonn don am atá caite, ach cruthaíonn sé saothar comhaimseartha freisin go móruchtúil. Guímid gach rath air sa todhchaí.”
Is é Donal Ryan Scríbhneoir Cónaitheach na Comhairle Ealaíon 2015 in Ollscoil Luimnigh
←Fill ar ais go dtí an nuacht