Ag labhairt di
díreach tar éis an fhógra, dúirt Sheila Pratschke, Cathaoirleach na Comhairle
Ealaíon, “Is scríbhneoir an-chumasach é Sebastian Barry. Tá DAYS WITHOUT END
chomh hiontach is atá sé corraitheach, chomh liriciúil is atá sé samhlaíoch. Tá
clú agus cáil in Éirinn agus go hidirnáisiúnta le fada an lá ar thiomantas
Barry do cheird na scríbhneoireachta agus tá sé iontach a fheiceáil go
bhfuarthas a leithéid de mholadh dá úrscéal is déanaí.”
Lean sí uirthi
ag rá, “Bhí áthas ar an gComhairle Ealaíon chomh maith go bhfuair na
scríbhneoirí Éireannacha Jess Kidd agus Billy O’Callaghan an chéad agus an dara
háit i gComórtas Gearrscéalaíochta Costa, agus gur bhuaigh údar atá lonnaithe
in Éirinn, Brian Conaghan, Gradam Costa le haghaidh Leabhar Leanaí, 2016.
Cruthúnas breise is ea é seo, cé nach bhfuil sé ag teastáil, ar thallann
scríbhneoireachta comhaimseartha na hÉireann. Am spleodrach atá ann don
litríocht in Éirinn.”
←Fill ar ais go dtí an nuacht