Is mian leis an gComhairle Ealaíon comhghairdeas a dhéanamh le The Gloaming as duais Meteor Choice Music 2014 a bhuachan. Roghnaigh an painéal moltóireachta The Gloaming as a gcéad albam den teideal céanna a bhfuil moladh faighte aige ó na léirmheastóirí.Comhcheanglaíonn an grúpa, ina bhfuil an t-amhránaí as Corcaigh, Iarla Ó Lionaird agus na fidléirí Martin Hayes agus Caoimhín Ó Raghallaigh, gnéithe den cheol traidisiúnta agus comhaimseartha.
Ag labhairt di inniu, dúirt Sheila Pratschke, Cathaoirleach na Comhairle Ealaíon “Tá ceol traidisiúnta na hÉireann tugtha ar thuras iontach ag The Gloaming, ag dul i dteagmháil le lucht éisteachta nua ar fud an domhain ach lena gcuid cos fréamhaithe go daingean sa traidisiún gan dochar a dhéanamh choíche do shláine na háite as ar tháinig an ceol”.
Tá páirt ag The Gloaming in Moment to Moment, scannán gairid arna léiriú ag South Wind Blows. Taispeánadh an scannán den chéad uair ar TG4 i mí na Nollag 2013 agus fuair an tionscadal maoiniú faoi Dhámhachtain Tionscadail na nEalaíon Traidisiúnta in 2012.
←Fill ar ais go dtí an nuacht