Camchuairteanna uile-Éireann do 2016, fillfear
iarratais ar ais ar an ‘mbliain féilire’
Ag an gcruinniú iomlánach dá cuid i mí na Bealtaine, d’fhógair an Chomhairle Ealaíon go bhfuil sé beartaithe aici straitéis nua do na healaíona in Éirinn a fhoilsiú go luath san fhómhar. Dúirt an Chomhairle gur bhliain aistrithe a bheadh sa bhliain 2016 mar sin agus go bhfillfí a tréimhse maoiniúcháin do na heagraíochtaí sna trí phríomhchlár deontas dá cuid ar ais ar an mbliain féilire ón mbliain 2017.
Ón mbliain 2011 i leith, tá ‘Eagraíochtaí a Mhaoinítear go Rialta’ agus a fhaigheann ‘Maoiniú Bliantúil’ nó ‘an Deontas le haghaidh Clár Bliantúil’ á maoiniú ó Aibreán go dtí an Márta dár gcionn. Tugadh an t-athrú isteach ag am ina raibh éiginnteacht airgeadais i réim, agus é mar aidhm leis cabhrú le heagraíochtaí pleanáil níos fearr a dhéanamh. Ó shin i leith, tá an Buiséad bliantúil, ina bhfógraítear an deontas a gheobhaidh an Chomhairle Ealaíon ón Rialtas, tugtha ar aghaidh ó Nollaig go Deireadh Fómhair agus tá tionchar na géarchéime airgeadais tar éis maolú.
“Fágann sé sin gur ‘bliain airgeadais ghearr’ a bheidh sa bhliain 2016 d’fhormhór na n-eagraíochtaí de réir mar a aistrímid go dtí an straitéis nua,” dúirt Orlaith McBride, Stiúrthóir na Comhairle Ealaíon. Nuair a thosóimid ag glacadh le hiarratais i mí Mheán Fómhair, beidh ár gcuid eagraíochtaí ag beartú clár don tréimhse idir Aibreán agus Nollaig 2016.”
Mar chuid de mhír eile a pléadh ag a gcomhchruinniú iomlánach bliantúil, d’athdheimhnigh an Chomhairle Ealaíon agus Comhairle Ealaíon Thuaisceart Éireann an tiomantas atá acu do chamchuairteanna thuaidh/theas tríd an Scéim Camchuairte de chuid na Comhairle Ealaíon sa deisceart. De réir na Comhairle Ealaíon, fágann sé sin go mbeidh daoine sa Phoblacht agus sa Tuaisceart araon in ann leanúint le taitneamh a bhaint as saothar den scoth – lena n-áirítear téatar, damhsa, ceol agus taispeántais – ó ealaíontóirí as an dá thaobh den teorainn.
Cuirfear an lucht féachana/éisteachta sa dá dhlínse fáilte roimh an scéala sin. Is é seo an dara bliain ina bhfuil an tionscnamh ar bun, rud ar thug ealaíontóirí agus eagraíochtaí ealaíon cuairt ar 40 ionad ó thuaidh agus ó dheas mar chuid de 30 camchuairt lena linn.
Bhí na camchuairteanna seo a leanas i measc na mbuaicphointí ar thacaigh an scéim leo sa bhliain 2014: Sive de chuid Amharclann na Mainistreach; Makaronik de chuid Aisling Ghéar; Damn the Circus de chuid Tumble Circus; Singlehood de chuid Úna McKevitt; agus Moving on Music de chuid The Necks, banna ceoil Astrálach.
←Fill ar ais go dtí an nuacht