Ealaíontóirí óga na hÉireann a bhfuil gradaim bainte amach acu i measc an dreama a fuair sparánacht An Chéad Ghlúin Eile ag ócáid speisialta a bhí á hóstáil ag an Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn
Bronntar sparánachtaí 16 x 16: An Chéad Ghlúin Eile ar ealaíontóirí nuálacha óga i dtionscnamh speisialta de chuid na Comhairle Ealaíon agus Chlár Comóradh Céad Bliain Éire 2016 mar aitheantas do ról na n-ealaíontóirí in imeachtaí 1916.
Bronnadh 16 sparánacht ar ealaíontóirí, atá ag saothrú i réimsí amhail na físealaíona, an ceol, an litríocht, an scannán, an damhsa, an amharclannaíocht agus an sorcas, chun tacú lena gcleachtas agus lena n-uaillmhian mar réaltaí a bhfuil gealladh mór fúthu sna healaíona comhaimseartha in Éirinn. Gheobhaidh gach ealaíontóir dámhachtain €12,500 agus tabharfar cuireadh dóibh páirt a ghlacadh i gcónaitheacht chomhchoiteann seachtaine in Ionad Tyrone Guthrie, Annamakerrig ón 3 go dtí an 10 Aibreán 2016.
Ag ócáid speisialta in Áras an Uachtaráin inniu chas ocht nduine dhéag den dream óg a fuair sparánachtaí ealaíontóirí An Chéad Ghlúin Eile leis an Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn chun a gcuid smaointe agus a gcuid pleananna le haghaidh na bliana seo chugainn a insint dó. Tharraing an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn aird ar an ról a bhí ag ealaíontóirí, agus atá acu fós, ó thaobh sochaí na hÉireann a mhúnlú. Labhair an tUachtarán faoina lárnaí atá an chruthaitheacht agus an cultúr i gcoincheap an daonlathais agus sa cheart atá ag daoine a bheith rannpháirteach go hiomlán sa tsochaí.
Ag tagairt don chomóradh céad bliain ar Éirí Amach 1916 dó, luaigh an tUachtarán go bhfuil léiriú tugtha ag scríbhneoirí, ag filí, ag ceoltóirí, ag ealaíontóirí agus ag taibheoirí ar stair na poblachta agus go leanann siad de ról suntasach a bheith acu sna himeachtaí agus sna scéalta a chuireann cruth ar stair na hÉireann a léirmhíniú agus a chur i gcomhthéacs.
Is é aidhm shonrach na sparánachta tacú le healaíontóirí gairmiúla ar fud na hÉireann nach bhfuil ach ag tosú amach ina saol gairmiúil agus a bhfuil cleachtas nuálach, uaillmhianach agus bunaidh ar bun acu.
Dúirt Heather Humphreys, an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, freisin: “Is bliain an-speisialta a bheidh sa bhliain 2016 do mhuintir na hÉireann tráth a mbreathnóimid siar ar imeachtaí 1916 agus ar an tionchar a bhí ag an am sin ar fhorbairt ár náisiúnstáit. Bhí ealaíontóirí i gcroílár an phointe shuntasaigh sin i stair na hÉireann agus tá áthas faoi leith orm go mbeidh ealaíontóirí na hÉireann, agus ár n-ealaíontóirí óga go háirithe, i lár an aonaigh inár gclár comórtha céad bliain an bhliain seo chugainn. Táim ar bís mar gheall ar raon agus ar éagsúlacht na n-ealaíontóirí óga ar bronnadh na sparánachtaí an-speisialta seo orthu agus guím bliain rathúil bhríomhar orthu agus iad ar tí tabhairt faoin gcéad chéim eile dá dturas ealaíonta.”
Dúirt Orlaith McBride, Stiúrthóir na Comhairle Ealaíon: “Tá ríméad orainn a bheith anseo ag ceiliúradh in éineacht leis na healaíontóirí iontacha seo. Tugann na dámhachtainí seo deis iontach do na healaíontóirí a nglór ealaíonta a chothú, a gcleachtas a fhorbairt agus a bhfís a thabhairt chun fíre. Táim ag tnúth leis an saothar ón gCéad Ghlúin Eile a fheiceáil.”
16 x 16: An Chéad Ghlúin Eile - an dream a fuair sparánachtaí:
Úsáideann Ruth Clinton agus Niamh Moriarty taibhiú, físeán, suiteáil fuaime agus scéalaíocht mar aon le próiseas taighde mionsonraithe chun físeanna díomuaine agus friotaíochta a chur in iúl. Tá saothar á thógáil acu faoi láthair timpeall ar thabhairt isteach Am Coigilte Sholas an Lae go hÉirinn i 1916 d’fhonn dul i ngleic leis an bpobal i scrúdú criticiúil ar shochaí chomhaimseartha na hÉireann. Áirítear le taispeántais le déanaí dá saothar: Foaming at the Mouth 6, imeacht amharcealaíne focal labhartha, Amstardam, 2015, arna choimeád ag Tracy Hanna & Emer Lynch; Amid the Deepening Shades, taispeántas grúpa féintosaithe ag an Deer Park Hotel, Binn Éadair, 2014; agus Wound with a Tear, taispeántas aonair amach ón suíomh i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath i gcomhar le Dánlann Dhubhghlais de hÍde, arna choimeád ag Michael Hill, 2014. Tá os cionn scór taispeántas forbartha agus taispeánta ag Ruth agus Niamh ó 2011 i leith. Bronnadh Cónaitheacht Meán Digiteach orthu ó Firestation studios in 2011 agus Sparánacht Físealaíontóra Chomhairle Ealaíon in 2013. Bhain Ruth Clinton céim Mháistreachta amach in Art in the Contemporary World ag NCAD le céim chéadonóracha in 2013. Fuair an bheirt ealaíontóirí Céim Bhaitsiléara sa Mhínealaín ó NCAD in 2010.
www.ruthandniamh.info
Scríbhneoir atá lonnaithe i mBaile Átha Cliath is ea Dylan Coburn Gray. Bhain sé céim Bhaitsiléara sa cheol amach ó Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, in 2014. Scríobh sé a chéad drámaí don Dublin Youth Theatre; And Then He Was All in 2010 agus Tarot in 2011. Tá And Then He Was All ar fáil trí chlár Playshare NAYD. Léiríodh a dhráma Boys and Girls den chéad uair mar chuid d’Fhéile Imeallach Bhaile Átha Cliath 2013, áit ar bhuaigh sé Gradam Fishamble na Scríbhneoireachta Nua. Ainmníodh chomh maith é do Ghradam Stewart Parker Trust, do Ghradam na Scripte Amharclannaíochta is Fearr ag na Irish Writers’ Guild Awards (Zebbies), agus ina dhiaidh sin tugadh ar chamchuairt é chuig Nua-Eabhrac (First Irish Festival, 2014) agus Moscó (Irish Week, 2015), áit ar bhuaigh sé Gradaim First Irish Festival as an Ensemble is Fearr agus as an Dráma is Fearr. Áiríodh le saothar ina dhiaidh sin Drawing Crosses On A Dusty Windowpane (Tiger Dublin Fringe 2015) agus Citysong (Lingo Festival 2015). Saintréith dá chuid scríbhneoireachta is ea cur chuige spraíúil le téacs agus foirm.
Cumadóir is ea David Coonan. Tá a obair tiomanta ag nóisean na hathchúrsála cruthaithí, agus mar gheall ar a fhiosracht cheoil uileghlactha tá corpas saothar cumtha aige ina bhfuil tionchar éagsúil le brath. I measc na ndaoine a thaibhigh ceol David tá Colm Carey, orgánaí as Cathair Bhéal Feirste, an London Symphony Orchestra, agus Ceolfhoireann Shiansach Náisiúnta RTÉ – a choimisiúnaigh a shaothar ceolfhoirne Sarcasms mar chuid dá Sraith ‘Horizons’ 2015. Is cumadóir cónaithe Fuaime agus Ceoil ‘Embedded’ é faoi láthair leis an BBC Symphony Orchestra. Rinne David staidéar ar an gcumadóireacht ag TCD, agus ag an Royal Academy of Music, Londain, áit ar bhain sé céim le Gradam agus gradam DipRAM as a shárphunann deiridh amach. www.david-coonan.com
Is stiúrthóir, cóiritheoir drámaí agus éascaitheoir é Dan Colley. Is léiritheoir é Matthew Smyth. Le chéile, tá siad i mbun Collapsing Horse, compántas a chruthaíonn amharclannaíocht shiamsúil, ghríosaitheach, dírithe ar an lucht féachana a thugann disciplíní ealaíonta le chéile, lena n-áirítear an phuipéadóireacht, an amharclannaíocht fhisiciúil agus an ceol. Cuireadh a léiriúcháin go dtí seo, Monster/Clock (2012), Human Child (2013), Distance From The Event (2013) agus Bears in Space (2014) i láthair ar chamchuairteanna in 22 ionad i gceithre thír, lena n-áirítear an Soho Theatre, Londain; Gogol Centre, Moscó agus Edinburgh Fringe. Tá Collapsing Horse ina nEalaíontóirí Amharclannaíochta Cónaithe in Draíocht, Baile Bhlainséir. Lena ndámhachtain 16x16 fásfaidh siad a bhféile Champa Samhraidh agus bunóidh siad Collapsing Horse Ensemble. Is céimí de chuid OÉ Gaillimh agus chlár Artstrain NAYD é Dan. Is céimí de chuid TCD é Matthew.
www.collapsinghorsetheatre.com
Rinne Philip Connaughton staidéar ag an Rambert School of Ballet and Contemporary Dance (Scoil Rambert um Bailé agus Dhamhsa Comhaimseartha), Londain. Bhí sé ina Ealaíontóir Comhlach le Damhsa Éireann in 2013/14. In 2012, bhí sé ina Ealaíontóir Cónaithe ag axis: Baile Munna áit ar chruthaigh sé Mortuus Est Philippus d’Fhéile Rince Bhaile Átha Cliath. Ainmníodh a shaothar, Tardigrade, faoi dhó agus bhuaigh sé an dearadh is fearr ag Féile Imeallach Bhaile Átha Cliath 2014. Chruthaigh sé saothar nua le déanaí, Whack!!, i gcomhair le Compagnie Kashyl i bPáras agus rachaidh sé ar camchuairt leis sa Fhrainc agus in Éirinn in 2016. Faigheann sé inspioráid ón iomarca ruda, tá suim aige i ndamhsa atá inrochtana, ach dúshlánach, agus mar thaibheoir déanann sé iarracht brú thar an gcatagóiriú.
www.philipconnaughton.com
Taibheoir féinmhúinte sorcais is ea Guillaume Cousson a bhfuil sorcas, damhsa, draíocht agus teicneolaíocht ina chleachtas. Thug sé a charachtar taibhithe, Riuchi, ar camchuairt chuig roinnt féilte Eorpacha, lena n-áirítear Vault Festival, Londain (2015), Chartres en Lumiere, an Fhrainc (2013) agus Féile Lár-Samhraidh Chorcaí (ó 2013). Rinneadh cur síos san Irish Times ar Riuchi mar “an intriguing synthesis of technology and a skilled and imaginative performer.” Is é Guillaume Stiúrthóir Bainistíochta Circus Factory Tá gradaim faighte aige ón gComhairle Ealaíon, ó Chomhairle Cathrach Chorcaí agus rinne sé camchuairt le Cultúr Éireann. Tá Cousson ag obair faoi láthair ar thionscadail nua lena n-áirítear Riuchi Dreams of Light agus seó tine Inferno.
http://riuchi.com
Físealaíontóir is ea Ella de Búrca. Déantar a suiteálacha i gcomhair ócáidí ar leith, agus imíonn siad tar éis a dtaispeántais. D’fhéadfaí ceapadh gur seiteanna amharclainne atá ina dealbha mórscála, de réir mar a úsáideann sí taibhiú agus an t-earra chun scrúdú a dhéanamh ar nóisin na fíréantachta ceannasaí i litríocht agus i gcultúr na hÉireann. Áirítear le taispeántais le déanaí uaithi IMMA Rising, Meitheamh 2015, Otherwise, WYSPA Gdansk, Iúil 2014, agus The Emergency Pavilion ag 53ú Biennale na Veinéise, 2013. Áirítear lena gradaim Scoláireacht Evelyn Wood don Ionad Banff, 2011, Sparánacht Chomhairle Contae Fhine Ghall 2015 agus Cultúr Éireann 2013. Áirítear lena rannpháirtíocht i scéimeanna cónaitheachta Ionad Banff, 2011, AIR Antwerpen 2012 agus The HISK, an Bheilg, 2016 go 2017. Tá MFA ag de Búrca ó NCAD (2011) agus BA (Onóracha) ó IADT (2009).
Is físealaíontóir í Angela Fulcher a oibríonn le dealbhóireacht agus le suiteáil. Ach úsáid a bhaint as teicnící cóimeála, déanann sí athchumrú ar rudaí agus ar fhabraicí a fhaightear chun gnéithe dá gcineál ábhartha a nochtadh. Is céimí í Angela de chuid IADT, Dún Laoghaire in 2010 le MA i gCleachtas Físealaíne. Tá Céim BA Onóracha aici sa Mhínealaín ó Choláiste Ealaíne agus Deartha Crawford, Corcaigh, 2008. Áirítear le taispeántais le déanaí uaithi Compression, Ormston House, Luimneach, 2015 agus Stitch in Time, Dánlann Lewis Glucksman, Corcaigh, 2015. Ghlac Angela páirt in IronR2 ag an National Sculpture Factory, Corcaigh, 2014 agus Welcome to the Neighbourhood ag Féile Ealaíon Comhaimseartha Eas Géitine, Luimneach, 2010.
www.angela-fulcher.com
Físealaíontóir is ea Ramon Kassam as Cathair Luimnigh. Tá péintéireachtaí mar bhunús lena chleachtas, ionchorpraíonn sé móitífeanna éagsúla, agus déantar iad mar thoradh ar athrú iomasach agus ath-chomhthéacsú ábhar stiúideo, gnéithe beathaisnéiseacha agus stair ealaíne.Fuair Ramon a BA sa Phéintéireacht Mínealaíon ó Scoil Ealaíne agus Deartha Luimnigh in 2007. Taispeánadh a shaothar go rialta ó 2010 i leith. Áirítear lena thaispeántais: Dánlann Chathair Luimnigh (2015 Solo), Eva International, Luimneach (2014). Pallas Projects, Baile Átha Cliath (2013, taispeántas aonair). Bronnadh roinnt scéimeanna cónaitheachta air chomh maith; Áras Nua-Ealaíne na hÉireann (2013), Gradam Cónaitheachta RHA Tony O’Malley (2013/14), The Ethiopian Project Residency - Irish Embassy, an Aetóip (2014), agus Temple Bar Gallery & Studios - Project Studio Award (2015/16).
www.ramonkassam.com
Cumadóir, dearthóir fuaime agus ceoltóir atá lonnaithe i mBaile Átha Cliath í Alma Kelliher. Áirítear lena creidiúintí amharclainne: riverrun (Emergency Room, camchuairt dhomhanda) Buaiteoir an Dearaidh Fuaime is Fearr, Gradaim Amharclainne an Irish Times 2013; The Elephantom (UK National Theatre agus West End); Cure (Fearghus Ó Conchuir); I’m Your Man (thisispopbaby). Tá BA sa Cheol (Coláiste na Tríonóide) agus MSc i nDearadh Fuaime (Ollscoile Dhún Éideann) ag Alma. Rinne sí staidéar ar an Orgán leis an London College of Music, Speech and Drama agus is céimí í de chuid Chlár SEEDS Rough Magic 2010-11. Tá Alma ina ball de The Evertides – tríréad ceoil a bhfuil tionchar ag ceol tíre, ceol gaspal agus harmóin ghutha orthu.
www.almakelliher.com
Físealaíontóir is ea Mollie Anna King. Rinne sí staidéar ar a BA ag Coláiste Ealaíne agus Deartha Crawford, Corcaigh sula ndearna sí MFA i nDealbhóireacht ag Slade School of Art in 2013. Fuair sí gradam cuimhneachán Barto dos Santos agus gradam Land Securities, agus chríochnaigh sí cónaitheacht stiúideo le déanaí in Bow Arts. Bhí seónna aonair aici sa Black Mariah (2013), Corcaigh agus sa CANAL Gallery i Londain (2014) le Group Shows in APT Gallery, Londain (2014) agus GL Strand, Cóbanhávan (2013). Oibríonn Molly Anna le hábhair shintéiseacha agus nádúrtha, ag fiosrú a ‘n-insintí intreacha’ agus ag cruthú ‘dealbha antrapalárnacha’. Tá sí ag obair faoi láthair ar Choimisiún Dealbhóireachta do Choláiste Naomh Aingeal, Corcaigh, leis an Monarcha Náisiúnta Dealbhóireachta agus le O’Donnell + Twomey Architects.
www.mollieannaking.com
Físealaíontóir is ea Sofie Loscher a bhfuil suim aici i mbraistint agus in optaic; úsáidtear seachmaill ina saothar leis an gcaoi a n-oibríonn infheictheacht a léiriú. Áirítear le taispeántais le déanaí uaithi Light Falls, Green on Red Gallery, Baile Átha Cliath (2015); Welcome Disturbance, The LAB Gallery, Baile Átha Cliath (2015); Agitationism, EVA International, Luimneach (2014). In 2014, thug sí faoi chónaitheacht bhliana don Ealaín san Eolaíocht i Roinn na Fisice ag UCD. Tá MFA ag Sofie sa Dealbhóireacht ó NCAD (2013) agus BA sa Chleachtas Amharcealaíona ó IADT (2009).
File as Iarthuaisceart Dhún na nGall is ea Annemarie Ní Churreáin. Foilsíodh a cuid dánta in Éirinn agus thar lear. Áirítear le roinnt de na mórfhoilseacháin ina raibh a saothar le feiceáil Poetry Ireland Review, The Stinging Fly, The Shop agus The London Magazine. In 2013, roghnaíodh Annemarie i gcomhair na sraithe Emerging Writers ag Féile Filíochta an Earraigh i gCorcaigh agus na sraithe Introductions, de chuid Éigse Éireann. Le déanaí, bronnadh comhaltachtaí litearthachta uirthi ó Akademie Schloss Solitude (an Ghearmáin), JackKerouac House (Orlando) agus Hawthornden Castle (Dún Éideann). Tá Annemarie ina comhbhunaitheoir ar Upstart agus céimí in 2011 den MPhil sa Scríbhneoireacht Chruthaitheach ag Ionad Oscar Wilde, TCD.
http://cargocollective.com/annemarienichurreain
Scríbhneoir, léiritheoir agus stiúrthóir amharclannaíochta do lucht féachana óg í Sian Ní Mhuirí, a bhfuil céim aici ón Central School of Speech and Drama, Londain. Tá sí ina stiúrthóir bunaithe ar chompántas amharclannaíochta Super Paus, agus ina scríbhneoir/léiritheoir ar Aunty Ben – an chéad dráma LGBT in Éirinn do leanaí – a bhuaigh an Allianz Community Arts Prize 2015 le déanaí. Chomhoibrigh sé le déanaí le Rannóg Pobail agus Oideachais Amharclann na Mainistreach (Aunty Ben), an Ark (Colour!), IFI Family Festival, agus féile Starke Stücke, Frankfurt. Tá Sian ina ball den choiste Téatar don Lucht Féachana Óg in Éirinn, agus ina cuid de Chlár Meantóireachta Léiritheoirí Theatre Forum.
www.superpaua.org
Ealaíontóir ildisciplíneach atá lonnaithe i mBaile Átha Cliath is ea Fiona Reilly. Tá MA i gCleachtas Sóisialta agus an Timpeallacht Chruthaitheach aici ó Scoil Ealaíne agus Deartha Luimnigh agus BA sa Mhínealaín ón gColáiste Náisiúnta Ealaíon agus Deartha. Bronnadh Gradam Firestation Artist Studios Digital Media uirthi in 2015 agus chuir sí saothar i láthair ag an Fifth-Interformat Symposium on Time ag NIDA Art Colony, an Liotuáin, 2015. Tá taispeántais déanta ag Fiona ar fud na hÉireann agus i dtíortha thar lear agus fuair sí go leor gradam lena n-áirítear Gradam an Claremorris Open Exhibition 2013 arna roghnú ag Andrew Wilson, a bhí ar an gCoimeádaí.
www.fionareilly.com
Céimí eolaíochta atá anois ina scannánóir is ea Jijo Sebastian. Tá cúig ghearrscannán agus príomhscannán amháin déanta aige ag díriú ar shaolta phobal na nIndiach in Éirinn. Tar éis dó cónaí in áiteanna éagsúla, tá suim ag Jijo i dtéamaí aitheantais agus muintearais i ndomhan domhandaithe. Bíonn a shaothar turgnamhach i bhfoirm agus bíonn greann dorcha ann go minic. Taispeánadh scannáin Jijo ag féilte scannán idirnáisiúnta lena n-áirítear an International Short Film Festival of Uruguay (2013), Vibgyor International Film Festival, Thrissur, Kerala, an India (2013) agus Fokana Film Festival, Illinois, SAM (2014). Tá sé ag obair faoi láthair mar Ealaíontóir sa Phobal le Create.
www.jijospalatty.com
←Fill ar ais go dtí an nuacht