Tá
an-suim á cur ag lucht freastail Electric Picnic sa Phuball Liteartha le fada
(a dtacaíonn an Chomhairle Ealaíon leis) atá lonnaithe i Limistéar Laidineach
féin an tSráidbhaile: an MindField Arena. I gclár na bliana seo gealltar
meascán iontach eile arís d’úrscéalaithe agus d’amhránaithe, a roghnaíodh ó
réimse éagsúil seánraí, mar aon le léirithe ceoil beo i dtimpeallachtaí den
scoth.
I mbliana cuirimid fáilte roimh:
— Richard Ford, údar Independence Day (buaiteoir Ghradam
PEN/Faulkner agus Dhuais Pulitzer i gcomhair Ficsin i 1995) agus Canada
(2012). I mí Iúil na bliana seo bronnadh Duais Princess of Asturias i gcomhair
na Litríochta ar Richard. Beidh comhrá aige le Nadine O’Regan, an
tEagarthóir Leabhar agus Ealaíon le The Sunday Business Post
— ‘Singing In The Dark’: Camille O'Sullivan agus Anne Enright i
mbun comhrá
— Kevin Barry, údar City of Bohane (buaiteoir Dhuais
Idirnáisiúnta Liteartha Bhaile Átha Cliath) agus Beatlebone (buaiteoir
Dhuais iomráiteach Goldsmith na bliana seo caite)
— Tim Burgess (ó The Charlatans) ag comhrá le Tom Dunne ó
Newstalk
— Aidan Gillen (Game of Thrones) ag léamh sleachta as Jesus’
Son le Denis Johnson, agus ceol le John Murry (Graceless Age)
— Lisa McInerney (buaiteoir Dhuais Bailey 2016 do Mhná i gcomhair Ficsin
dá húrscéal The Glorious Heresies) agus Donal Ryan (The
Spinning Heart) agus ceol leis an amhránaí is scríbhneoir, Cian Nugent
(Night Fiction)
— Amhráin ó ‘Starboard Home’ le Paul Noonan (Bell X1), Caitriona
Lally (údar Eggshells), Lisa O’Neill (Pothole in the Sky)
agus John Sheahan (ó The Dubliners)
— Claire-Louise Bennett (Pond) agus Danielle McLaughlin (Dinosaurs
on Other Planets) agus ceol ó Saint Sister
— Liz Nugent (Unravelling Oliver agus Lying in Wait) ag
comhrá le comhfhreagróir ealaíon RTÉ, Sinéad Crowley (Can Anybody
Help Me?)
— Éagróidh Leabhair Pháistí Éireann/Children’s Books Ireland imeachtaí
léithoireachta/líníochta beo le PJ Lynch, Niamh Sharkey, Patricia
Forde, Shane Hegarty, Dave Rudden, Brian Conaghan agus
Chris Judge
Dé Sathairn, an 3 Meán
Fómhair 2016
13:00-14:00 PJ Lynch, Niamh Sharkey agus Patricia Forde á gcur i láthair ag
Leabhair Pháistí Éireann/Children’s Books Ireland
14:00-15:00 Claire-Louise Bennett, Danielle McLaughlin agus Saint Sister
15:00-16:00 Lisa McInerney, Donal Ryan agus Cian Nugent
16:00-17:00 Richard Ford ag comhrá le Nadine O’Regan
17:00-18:00 Amhráin ó ‘Starboard Home’ le Paul Noonan, Caitriona Lally, Lisa
O’Neill agus John Sheahan
18:00-19:00 Aidan Gillen le John Murry
Dé Domhnaigh, an 4 Meán Fómhair 2016
13:00-14:00 Shane Hegarty, Dave Rudden, Brian Conaghan agus Chris Judge á gcur
i láthair ag Leabhair Pháistí Éireann/Children’s Books Ireland
14:00-15:00 Liz Nugent ag comhrá le Sinéad Crowley
15:00-16:00 Kevin Barry
16:00-17:00 Anne Enright agus Camille O’Sullivan
17:00-18:00 Tim Burgess ag comhrá le Tom Dunne
←Fill ar ais go dtí an nuacht