D’fhógair an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn an Laureate i gcomhair Ficsean Éireannach 2018–2021 inniu ag searmanas sa Chomhairle Ealaíon. Tá Sebastian ag glacadh leis an ngradam ó Anne Enright agus cuirfidh sé tús lena théarma trí bliana an mhí seo.
Tionscnamh de chuid na Comhairle Ealaíon is ea an Laureate i gcomhair Ficsean Éireannach agus reáchtáiltear é i gcomhpháirtíocht leis an gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath (UCD) agus Ollscoil Nua-Eabhrac. Féachfar sa ról seo le haitheantas a thabhairt don obair a dhéanann scríbhneoirí ficsin do shaol ealaíon agus cultúir na hÉireann trí ómós a thabhairt do scríbhneoir ficsin cáiliúil as Éirinn, glúin nua scríbhneoirí a spreagadh, litríocht na hÉireann a chur chun cinn go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta agus an pobal a spreagadh le suim a chur i bhficsean Éireannach d’ardchaighdeán.
Ag labhairt di inniu, dúirt Cathaoirleach na Comhairle Ealaíon, Sheila Pratschke, “Tá an Chomhairle Ealaíon fíorbhródúil go deo an Laureate i gcomhair Ficsean Éireannach 2018–2021 a bhronnadh ar Sebastian Barry. Is scríbhneoir é Sebastian Barry a bhfuil daonnacht agus maorgacht mhór ag baint leis. Le dhá scór bliain anuas, tá corpas saothair curtha le chéile aige inar léir an meas atá aige ar an litríocht agus ar an scríbhneoireacht agus chomh tiomanta is atá sé dóibh. Táimid ag tnúth go mór a fheiceáil cén sórt crutha a chuirfidh sé féin ar ról an Laureate agus an obair a dhéanfaidh sé le léitheoirí agus le scríbhneoirí as seo go ceann trí bliana.”
Ag labhairt faoin rogha a rinne siad, dúirt an painéal roghnúcháin idirnáisiúnta, “Lena chuid próis atá lán de mhachnamh agus a bhainfeadh stangadh asat, tugann Sebastian Barry ficsean Éireannach áit éigin nach bhfacthas riamh cheana. Leis an léargas dochreidte atá aige chomh maith le seiftiúlacht scéalaí, múineann sé dúinn conas féachaint ar an saol ar bhealach difriúil, agus féachaint níos grinne isteach inár gcroí féin. Cuireann na cruthaitheoirí miotas seo is fileata dá bhfuil againn cruth as an nua ar ár sionapsaí (an bhearna sin idir dhá néarchill).”
Ag labhairt dó ag an imeacht dúirt Sebastian Barry, “Tá ríméad orm an onóir seo a fháil, agus é níos deise fós toisc gur foireann moltóirí den scoth a roghnaigh mé, faoi chathaoirleacht Paul Muldoon. Agus ar ndóigh beidh mo dhóthain le déanamh agam agus bróga Anne Enright, an chéad Laureate riamh, a líonadh. Is iontach an lá é seo, tar éis dhá scór bliain i mbun ceirde. Mar gheall ar m’aois tá dearcadh soiléir agus leathan agam ar na ‘glúin iontacha’ atá i mbun pinn in Éirinn i láthair na huaire. Ní haon ualach é a rá, leis an oiread daoine agus is féidir in oiread áiteanna agus is féidir, go bhfuil cónaí orainn i ré órga don scríbhneoireacht phróis in Éirinn. Agus táim thar a bheith sásta a bheith mar ambasadóir ag an ré iontach seo ar feadh cúpla bliain.
Tá sé de chumas ag scríbhneoirí a léann a saothar féin ceol soilseach a chruthú agus rud éigin tábhachtach faoi a thaispeáint díreach trí bheith á ‘chanadh’. Ba mhaith liom meas a léiriú air sin i rith mo théarma mar laureate. Agus tugaim aitheantas freisin don ról a bhíonn ag an léitheoir i saol an leabhair – i gcuid mhaith foirmeacha ar ndóigh, i bhfoirm phríobháideach, atá ag teastáil ar ndóigh, agus freisin i bhfoirm níos nuaí an Chlub Leabhar, gníomh a bheadh in ann oibriú áit ar bith déarfá, fiú amháin i bpríosúin, in ionaid choinneála, in ospidéil, áit ina bhféadfaí srian a chur leis an mbeatha ar feadh tamaillín murach sin. Mar sin tá súil agam a bheith in ann é sin a dhéanamh.
Ní féidir an líon ollmhór scríbhneoirí Éireannacha atá beo a idirdhealú ach amháin leis an éagsúlacht mhillteanach aidhmeanna agus stíleanna difriúla atá acu. Sin é an saibhreas mór atá ag baint leis seo inniu. Tá scríbhneoirí ann a rinne míorúilt agus a tharraing clú orthu féin ina gcuid fichidí agus tá daoine eile a chuir dua orthu féin ag obair ó leabhar go leabhar ar feadh na mblianta fada. Is é an rud a thugann le chéile iad ná an cumas atá acu an suaitheadh a thugann saothar annamh don léitheoir a chruthú, ní hamháin sa phléisiúr agus sa bhuíochas a ghintear leis, ach an cúram tromchúiseach a bhaineann le línte agus gníomhartha do shaoil féin a bheith ag aimsiú freagraí agus macalla i gceird duine eile.
Agus táim ag tnúth le bheith ag teagasc sa Choláiste Ollscoile, BÁC agus in Ollscoil Nua-Eabhrac agus a bheith in ann rud éigin ciallmhar stuama a rá gach bliain i léacht an laureate.”
I ndiaidh fhógra an lae inniu, beidh Barry rannpháirteach in dhá imeacht phoiblí – agallamh poiblí leis an drámadóir Billy Roche i Leabharlann Ghuaire, Co. Loch Garman (Dé Máirt, 13 Feabhra, 19.30) agus léamh in Bridge Street Books i gCill Mhantáin, á chur i láthair ag Caitriona Crowe (Déardaoin, 15 Feabhra, 19.30). Is féidir tuilleadh sonraí a fháil ar shuíomh gréasáin na Comhairle Ealaíon, www.artscouncil.ie/laureate.
←Fill ar ais go dtí an nuacht