D’fhógair Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUigínn, inniu, Dé hAoine, an 6 Meán Fómhair, gur bronnadh an gradam mór le rá, Ollamh Filíochta na hÉireann, 2019, ar Frank Ormsby. Cuirfidh sé tús lena ollúnacht an 1 Samhain 2019 (go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2022). Is é Frank Ormsby an t-ochtú duine a ainmníodh mar Ollamh Filíochta na hÉireann. Tiocfaidh sé i gcomharbacht ar Eiléan Ní Chuilleanáin ag deireadh mhí Dheireadh Fómhair, nuair a bheidh a téarma oifige sise thart. Rinneadh an fógra ag fáiltiú a bhí ar siúl inniu in Ollscoil na Banríona, Béal Feirste.
Bunaíodh Ollúnacht Éigse Éireann sa bhliain 1998 tar éis do Seamus Heaney Duais Nobel na Litríochta a ghnóthú, chun a éacht seisean agus éacht filí Éireannacha eile a cheiliúradh.
Tháinig Frank Ormsby ar an saol in 1947 in Inis Ceithleann. Cuireadh oideachas air in Ollscoil na Banríona, Béal Feirste. Bhí sé ina Cheann Béarla i bhForas Ollscolach Ríoga Bhéal Feirste go dtí an bhliain 2010. Bhí sé ina eagarthóir ar an iris, The Honest Ulsterman, ar feadh fiche bliain agus ina eagarthóir ar roinnt duanairí tábhachtacha, macasamhail Poets from the North of Ireland agus A Rage for Order: Poetry of the Northern Ireland Troubles. Ba dhuine mór le rá é san fhás a tháinig faoi fhilíocht Uladh ó na 1960idí ar aghaidh. Tá seacht gcnuasach dánta curtha i gcló aige go nuige seo agus is é The Darkness of Snow an ceann is déanaí uaidh. Foilseofar an t-ochtú cnuasach dá chuid, The Rain Barrel, i mí Dheireadh Fómhair, 2019.
Agus é ag caint ar a cheapachán, dúirt Frank Ormsby ‘gur rud ar leith í an ollúnacht um fhilíocht na hÉireann. Táthar ag iarraidh seasamh na filíochta in Éirinn a threisiú le 20 bliain anuas agus baineadh níos mó amach san ollúnacht ná mar a baineadh amach in aon tionscnamh eile ina leith sin. Tugann sí aitheantas d’fhilí cruthaithe agus tugann sí deis den scoth d’fhilí óga atá ag teacht chun cinn. Is fiontar misniúil é an comhoibriú idir trí ollscoil agus an dá chomhairle ealaíon agus tá bród agus lúcháir orm a bheith páirteach ann.’
Dúirt an tOllamh Kevin Rafter, atá ina Chathaoirleach ar Iontaobhas Ollúnacht Éigse Éireann agus ina Chathaoirleach ar an gComhairle Ealaíon, “Ba mhaith liom gach rath a ghuí ar Frank Ormsby ina chuid oibre mar Ollamh Filíochta nua na hÉireann. Tá an fógra maidir lena cheapachán ag an Uachtarán Ó hUigínn in Ollscoil na Banríona feiliúnach mar gheall ar nádúr uile-Éireann an Iontaobhais Éigse.’’
Ba iad an Chomhairle Ealaíon, Comhairle Ealaíon Thuaisceart Éireann, Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, Ollscoil na Banríona, Béal Feirste agus an Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath a bhunaigh Ollúnacht Éigse Éireann d’fhonn an obair den scoth a dhéanann filí Éireannacha ar son na litríochta a cheiliúradh. Maireann an Ollúnacht ar feadh trí bliana (téarma nach féidir a athnuachan). Le linn an ama sin, beidh an sealbhóir ag plé le gach ceann de na trí ollscoil ar a sheal agus beidh sé de cheangal air nó uirthi a bheith ina c(h)ónaí i ngach ceann acu ar feadh téarma acadúil amháin nó mar sin in aghaidh na bliana. Ina theannta sin, déanfaidh an sealbhóir trí chur i láthair fhoirmiúla agus reáchtálfaidh sé nó sí ceardlanna, léachtaí agus léamha neamhfhoirmiúla eile don phobal.
Iarrtar ainmniúcháin gach trí bliana agus ceapann na cúig eagraíocht rannpháirteacha Ollamh Filíochta nua na hÉireann. Seo a leanas na hiontaobhaithe atá ann faoi láthair: An tOllamh Kevin Rafter, Cathaoirleach (Cathaoirleach na Comhairle Ealaíon), John Edmund (Cathaoirleach Chomhairle Ealaíon Thuaisceart Éireann), Sir Donnell Deeny, an tOllamh Fran Brearton (Ollscoil na Banríona, Béal Feirste), an tOllamh Nicholas Grene (Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath), an tOllamh Mary Clayton (an Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath), Michael Longley, Adrian Hall agus an tOllamh Brian Walker.
Ba é an tOllamh John Montague an chéad duine a ceapadh mar Ollamh Filíochta na hÉireann, ó 1998 go 2001. Tháinig Nuala Ní Dhomhnaill i gcomharbacht air in 2001. Ba é an tOllamh Paul Durcan an tríú duine a ceapadh mar Ollamh Filíochta na hÉireann, ó 2004 go 2007. Ba é an tOllamh Michael Longley an ceathrú duine a ceapadh mar Ollamh Filíochta na hÉireann, ó 2007 go 2010. Ba é an tOllamh Harry Clifton an cúigiú duine a ceapadh mar Ollamh Filíochta na hÉireann, ó 2010 go 2013. Ba í an tOllamh Paula Meehan an séú duine a ceapadh mar Ollamh Filíochta na hÉireann, ó 2013 go 2016. Ba í an tOllamh Eiléan Ní Chuilleanáin an seachtú duine a ceapadh mar Ollamh Filíochta na hÉireann, ó 2016 go 2019.
←Fill ar ais go dtí an nuacht