Siompóisiam
i mbun machnaimh ar Chlár EALAÍN:2016 de chuid na Comhairle Ealaíon.
Cuirfidh an Chomhairle Ealaíon
siompóisiam i láthair an 4 Aibreán ag an nGailearaí Eolaíochta, Baile Átha
Cliath, ina bhfuil sé d’aidhm géarcheistiú a dhéanamh ar na ceisteanna seo a
leanas: Cad a chiallaíonn sé don stát tacaíocht a thabhairt d’ealaíontóirí
chun scrúdú a dhéanamh ar phríomhphointe stairiúil atá dírithe ar an todhchaí?
Cad é an tionchar ar ealaíontóirí agus a saothair? Cad é an tionchar ar an
bpobal a bhíonn ag gabháil den saothar sin?
Cuireann 2023: Iardhearcadh na
Todhchaí deis ar fáil do phobal na n-ealaíon, don phobal acadúil, do na meáin
agus don phobal i gcoitinne a bheith páirteach sa ról ríthábhachtach atá ag an
ealaín i gcomóradh. Bíodh sé chun fianaise nár chualathas riamh a
chloisteáil, machnamh a dhéanamh ar thaithí, stair a cheistiú, fráma eile a
chur ar an insint cheannasach nó stair mhalartach shamhlaithe a chur ar fáil,
ní mór go gceisteodh an ealaín í féin chomh maith agus bogadh ar aghaidh chun
scéalta nua a insint ar bhealaí nua.
Arna choimeád ag Róise Goan, feictear an siompóisiam
mar iardhearcadh don todhchaí, agus 2016 mar am tábhachtach i ndeich bliana de
chomóradh céad bliain. Tugann an fráma seo deis d’ealaíontóirí rannpháirteacha
smaoineamh ar a dtionscadail le fad samhlaithe, agus tugann sé deis dóibh chomh
maith na himeachtaí comórtha céad bliain níos conspóidí atá ag teacht aníos a
cheistiú agus a dhiancheistiú, ag baint úsáid as a saothar féin agus comhthéacs
EALAÍN:2016 mar thúsphointe.
Cuimseoidh an Siompóisiam sraith comhpléite
painéil, léachtaí gairide, agus léirithe ó ghuthanna éagsúla lena n-áirítear
Louise Lowe agus Úna Kavanagh, Fearghus Ó Conchúir, Áine Phillips, Garrett
Phelan, Dan Colley agus Annemarie Ní Chuirreáin, an Staraí ailtireachta an Dr
Ellen Rowley, an tOllamh Emily Mark Fitzgerald agus an Dr Mairéad Enright.
Beidh spreagaitheasc ann chomh maith le Deborah Shaw, Ceann na gClár ag
Britain’s Historic Royal Palaces, a choimisiúnaigh suiteáil suntais mhórscála
na bpoipíní ag Túr Londan, Blood Swept Lands and Seas of Red.
Tá an t-imeacht, a
bheidh ar siúl ag an nGailearaí Eolaíochta, Coláiste na Tríonóide, Baile Átha
Cliath, Sráid an Phiarsaigh, Baile Átha Cliath 2,saor in aisce agus tá
na ticéid ar fáil ANSEO (caithfear áit a
chur in áirithe). Tosóidh an t-imeacht ag 9.30am agus críochnóidh sé ag
5.45pm.
←Fill ar ais go dtí an nuacht