D’fhógair an Chomhairle Ealaíon, an ghníomhaireacht atá freagrach as forbairt na n-ealaíon in Éirinn a threorú, a cur chuige infheistíochta le haghaidh 2016 ina n-infheisteofar €60.1m, chun na healaíona a thabhairt chuig daoine agus pobail ar fud na hÉireann.
Tacóidh an straitéis infheistíochta bhliantúil leis an gComhairle Ealaíon nuair a thugann sí isteach a straitéis nua 10 mbliana, Saothar Ealaíne Iontach a Tháirgeadh, ina leagtar amach plean chun na healaíona a threorú in Éirinn sna deich mbliana atá romhainn. Tugtar tús áite sa straitéis don ealaíontóir agus do rannpháirtíocht an phobail, agus féachtar inti leis na coinníollacha, an bonneagar agus an timpeallacht a fheabhsú chun cur ar chumas ealaíontóirí saothar iontach a chruthú agus chun daoine a spreagadh le teacht ar an saothar sin agus le bheith páirteach ann. Le tacú leis an straitéis nua, is iad príomhghnéithe infheistíocht na Comhairle in 2016:
- €32 milliún do 195 eagraíocht ealaíon
- €1.4m do Chamchuairt a thabharfaidh taibhithe chuig gach contae in Éirinn, ó thuaidh agus ó dheas
- €180k i Scéim Sparánachta d’Ealaíontóirí atá ag Tosú Amach
- €1.72m i maoiniú rialta le haghaidh Údaráis Áitiúla mar aon le €350k breise chun Scéim Rannpháirtíochta Údarás Áitiúil straitéiseach nua a bhunú
- Fuair Ealaín na Gaeltachta, comhpháirtíocht na Comhairle Ealaíon le hÚdarás na Gaeltachta méadú ar bhlianta eile chuig €316k
- Bronnadh os cionn €5.2m ar ionaid i ngach contae ar fud na tíre
- Bronnadh os cionn €2.6m ar Fhéilte
- Bronnadh os cionn €2.24m ar eagraíochtaí agus ar thionscnaimh litríochta le méadú €232k go sonrach le tacú le sparánachtaí do scríbhneoirí
- Bronnadh €4m ar na físealaíona agus €500k go sonrach ar sparánachtaí ealaíontóirí
- Bronnadh €6m ar an Amharclannaíocht agus €1.2m gan fasach le tacú go sonrach le tionscadail nua san amharclannaíocht
- €1m breise le tacú le tionscadail ildisciplíneacha d’ealaíontóirí agus d’eagraíochtaí le fógairt san earrach
Cinntíonn an straitéis infheistíochta go leanfaidh daoine i ngach cearn den tír ag baint taitneamh as na healaíona sna 12 mhí amach romhainn. I gcomhair 2016, shocraigh an Chomhairle Ealaíon díriú go sonrach ar mhéaduithe d’ealaíontóirí neamhspleácha trí sparánachtaí agus thionscadail. Fuair eagraíochtaí litríochta, ceoil, damhsa, físealaíon, amharclannaíochta, sráidealaíne, sorcais, seó, ceoldrámaíochta, scannáin, ailtireachta agus ealaíon traidisiúnta mar aon le réimsí speisialta i gcleachtas ealaíne cosúil le rannpháirtíocht sna healaíona agus daoine óga, leanaí agus oideachas ealaíne an maoiniú céanna nó maoiniú breise.
Ar na deontais ba mhó a tairgeadh, bhí €762,000 do Chompántas Amharclannaíochta Druid; €1,420,000 d’Fhéile Cheoldrámaíochta Loch Garman; €497,000 d’Fhéile Ealaíon na Gaillimhe; €390,000 d’Fhéile Ealaíon Chill Chainnigh; €135,000 d’Amharclann na Cathrach, Gaillimh; €157,000 d’Amharclann Hawkswell; €145,000 d’Ionad Ealaíon Loch Garman; €361,000 don Acadamh Ibeirneach Ríoga; €865,000 do Cheolfhoireann Aireagail na hÉireann; €215,000 do Chumann Náisiúnta Drámaíochta na hÓige; €230,000 do Chompántas Amharclannaíochta Barnstorm agus €205,000 d’Amharclann Damhsa CoisCéim.
Chuir an Chomhairle Ealaíon maoiniú €5.8 milliún ar fáil d’Amharclann na Mainistreach ar leithligh le haghaidh na bliana 2016 mar chuid de chomhaontú maoinithe trí bliana.
Dúirt Sheila Pratschke, Cathaoirleach na Comhairle Ealaíon: “Tá straitéis nua ag an gComhairle Ealaíon atá dírithe ar an ealaíontóir agus ar rannpháirtíocht an phobail – cuirfidh ár ndeontas ón Rialtas in 2016 ar ár gcumas an straitéis seo a sheachadadh, ag infheistiú in acmhainní poiblí go straitéiseach lena chinntiú go mbíonn níos mó ealaíne ar ardchaighdeán ar fáil do mhuintir na hÉireann.”
Dúirt Orlaith McBride, Stiúrthóir na Comhairle Ealaíon: “Cothóidh agus tacóidh na cinntí deontais seo le healaíontóirí mar aon leis na príomheagraíochtaí, ionad agus féilte ealaíon in Éirínn in 2016. Rinneadh tosaíocht chomh maith dár gcomhpháirtíocht athnuaite le hÚdaráis Áitiúla trí scéim nua comhpháirtíochta a bhunú. Tá mé muiníneach go spreagfaidh an obair atá ar siúl ag na heagraíochtaí agus ag na daoine aonair seo pobail ar fud na tíre agus go rachfar i ngleic leo agus go ngabhfar samhlaíocht an phobail i rith na bliana.”
←Fill ar ais go dtí an nuacht