Dúirt an Chomhairle Ealaíon inniu go mbainfidh na céadta ealaíontóirí timpeall na tíre tairbhe as sparánacht suas le €20,000 chun cuidiú leo a n-ealaín a fhorbairt.
Dúirt an ghníomhaireacht stáit atá freagrach as na healaíona a mhaoiniú agus a fhorbairt gur chuir sí go mór leis an méid atá ar fáil dá dara babhta sparánachtaí le haghaidh 2020. Tugadh le fios gur féidir le cleachtóirí i ngach foirm ealaíne iarratas a dhéanamh ar an sparánacht agus go nglacfar le hiarratais go dtí an 30 Iúil.
“Bhí tionchar diúltach thar a bheith thromchúiseach ar ealaíontóirí mar thoradh ar ghéarchéim Covid-19 agus tá neart daoine ann a chaill an t-ioncam iomlán a bhí acu agus tá ar eagraíochtaí ealaíon dul i ngleic le caillteanais shuntasacha. Le maoiniú breise ón rialtas, tá sé de rún againn an maoiniú a theastaíonn ó ealaíontóirí i láthair na huaire a chur ar fáil dá mhéad ealaíontóirí agus is féidir,” a dúirt Stiúrthóir na Comhairle Ealaíon, Maureen Kennelly.
“Cuirfear faisnéis faoi scéimeanna agus cláir eile chun tacú le healaíontóirí agus le heagraíochtaí ar fáil sna seachtainí romhainn,” a dúirt sí.
Dúirt sí freisin go bhfuil an Chomhairle Ealaíon ag tairiscint an dara babhta de dhámhachtain Sparánachta i ngach foirm ealaíne den chéad uair i níos mó ná deich mbliana.
“Ní tharlaíonn rath thar oíche in earnáil na n-ealaíon. Is é sin an fáth a bhfuil sé ríthábhachtach go dtacaíonn an Chomhairle Ealaíon le healaíontóirí chun spás agus am a chur ar leataobh lena gcleachtas a fhorbairt,” a dúirt sí freisin.
Tá an Chomhairle Ealaíon ag tairiscint sparánachtaí d’ealaíontóirí le blianta fada. Ina measc siúd a fuair dámhachtain uaithi ag céim éigin dá ngairm-réim tá Seamus Heaney; Marina Carr; Enda Walsh; Olwen Fouéré agus Sally Rooney.
Dála scéimeanna agus dhámhachtainí uile na Comhairle Ealaíon, is féidir le gach duine iarratas a dhéanamh ar sparánacht. Dúirt an ghníomhaireacht gur mian léi iarratais a spreagadh ó raon leathan cleachtas, agus iarratais ina léirítear pobail ilchineálacha agus éagsúla shochaí na hÉireann iontu go háirithe.
Is féidir le faighteoirí suas le €20,000 a fháil i bhfoirmeacha ealaíne ar leith. Ba é €10,140 an duine ar an meán a dámhadh i mblianta roimhe seo.
Tá tuilleadh sonraí le fáil ar www.artscouncil.ie.
Ní mór d’ealaíontóirí clárú leis an gComhairle Ealaíon ar dtús sula gcuireann siad iarratas isteach. Is próiseas simplí é seo ach d’fhéadfadh go dtógfadh sé cúpla lá lena phróiseáil. Ní mór gach iarratas a bheith faighte faoi 5.30pm ar an 30 Iúil 2020.
←Fill ar ais go dtí an nuacht