D’fhógair an Chomhairle Ealaíon inniu gurb é Dylan Haskins faighteoir Chomhaltacht Clore Jerome Hynes 2015/2016 – comhaltacht a thairgtear tríd an gClár Ceannaireachta Clore atá bunaithe sa Bhreatain. Tá sé d’aidhm leis an gclár seo eolas, scileanna agus taithí ceannairí i réimse na n-ealaíon a fhorbairt, ar fud raon leathan gníomhaíochta cultúrtha.
Ag labhairt dó faoin dámhachtain agus ag insint faoina inspreagadh agus faoina uaillmhianta maidir leis an gcomhaltacht, dúirt Dylan: “Deis ar leith is ea clár Ceannaireachta Clore chun scileanna a fheabhsú agus scileanna nua a fhorbairt trí fhoghlaim phiara le piara, leis an aidhm ar deireadh mórathrú a dhéanamh i dtaobh ceannaireachta. Táim an-bhuíoch ar fad gur tairgeadh Comhaltacht Jerome Hynes dom, agus go bhfuil mé san áireamh i measc na nÉireannach a fuair í roimhe seo. I ngeall ar chiorruithe ar feadh cúig bliana tá ár gcaighdeán barr feabhais sna healaíona in Éirinn faoi bhagairt, agus bíonn na healaíona á n-úsáid níos mó agus níos mó mar uirlis i leith cuspóirí polaitiúla, seachas iad a thuiscint agus a mheas astu féin ar a bhfiúntas féin. Le Clár Ceannaireachta Clore, tá deis iontach ann chun dul i ngleic leis na dúshláin sin agus le dúshláin eile agus tá a fhios agam gur eispéireas an-dearfach agus an-saibhir a bheidh ann.
Dúirt Orlaith McBride, Stiúrthóir na Comhairle Ealaíon: “Tá an-ríméad ar an gComhairle Ealaíon fáilte a chur roimh Dylan Haskins mar Chomhalta Jerome Hynes 2015/16. Is mór againn an caidreamh seo le Clár Ceannaireachta Clore. Tríd an gclár comhaltachta táimid ag tacú le glúin nua ceannairí ealaíon a bhainfidh leas as a gcuid scileanna, a bpaisean agus a dtiomantas ar mhaithe le forbairt na n-ealaíon in Éirinn.”
Glacfaidh an tUasal Haskins páirt sa chlár bliana a gcuirfear tús leis i Meán Fómhair. Áirítear ar an gclár sin: dhá dhianchúrsa chuimsitheacha cónaithe sa cheannaireacht; forbairt ghairmiúil trí mheantóireacht, trí theagasc agus trí ghrúpfhoghlaim; tionscadal grinntaighde roghnach, faoi mhaoirseacht Institiúid Ardoideachais; agus tréimhse iasachta, lena n-áirítear taithí ar thionscadal dúshlánach a bhainistiú.
Is iad seo a leanas iarfhaighteoirí na comhaltachta seo: Mags Walsh, Jo Mangan, Willie White, Sharon Murphy, Fiona Kearney agus Fearghus Ó Conchúir.
←Fill ar ais go dtí an nuacht