D’fhógair an
Chomhairle Ealaíon inniu gurb í Kathleen Turner faighteoir Chomhaltacht Jerome
Hynes 2017/2018 – comhaltacht a thairgtear tríd an gClár Ceannaireachta Clore
atá bunaithe sa Ríocht Aontaithe. Is é aidhm an chláir ná cur le heolas,
scileanna agus taithí daoine a d'fhéadfadh a bheith ina gceannairí ealaíon thar
raon leathan gníomhaíochtaí cultúrtha.
Ag labhairt di
faoin dámhachtain, dúirt Kathleen:“Tá
sceitimíní orm agus táim an-bhuíoch páirt a ghlacadh sa Chlár Comhaltachta
Clore i mbliana le tacaíocht ón gComhairle Ealaíon. Is mór an deis é seo taithí
a fháil agus scileanna nua a fhorbairt a bheidh mé in ann a roinnt leis an
bpobal cleachtaidh atá agam i gCathair Luimnigh, in Ollscoil Luimnigh agus níos
faide i gcéin nuair a fhillim ar ais. Tá mé ag súil go mór le hoibriú leis na
comhaltaí Clore14 eile agus feictear dom go bhfuil scoth na bliana amach
romhainn.”
Dúirt Orlaith McBride, Stiúrthóir na Comhairle Ealaíon: “Tá
an-ríméad ar an gComhairle Ealaíon fáilte a chur roimh Kathleen Turner mar
Chomhalta Jerome Hynes 2017/18. Is mór againn an caidreamh seo le Fondúireacht
Clore Duffield. Tríd an gclár comhaltachta táimid ag tacú le glúin nua
ceannairí ealaíon a bhainfidh leas as a gcuid scileanna, a bpaisean agus a
dtiomantas ar mhaithe le forbairt na n-ealaíon in Éirinn.”
Glacfaidh Kathleen páirt sa chlár bliana a gcuirfear tús leis i
Meán Fómhair. Áirítear leis an gclár: dhá dhianchúrsa chónaitheacha maidir le
ceannaireacht; forbairt ghairmiúil trí mheantóireacht, teagasc agus foghlaim i
ngrúpa; tionscadal taighde grinn, faoi mhaoirsiú Institiúid Ardoideachais; agus
tréimhse iasachta, lena n-áirítear taithí ar thionscadal dúshlánach a
bhainistiú.
Is iad seo a leanas iarfhaighteoirí na
comhaltachta seo: Dylan Haskins, Mags Walsh, Jo Mangan, Willie White,
Sharon Murphy, Fiona Kearney agus Fearghus Ó Conchúir.
←Fill ar ais go dtí an nuacht