D’fhógair an Chomhairle Ealaíon inniu gurb í Niamh Lunny an té a gheobhaidh Comhaltacht Jerome Hynes 2018/2019 – comhaltacht a thairgtear tríd an gClár Ceannaireachta Clore atá bunaithe i Londain. Is é aidhm an chláir ná cur le heolas, scileanna agus taithí daoine a d'fhéadfadh a bheith ina gceannairí ealaíon thar raon leathan gníomhaíochtaí cultúrtha.
Is í Niamh Lunny Ceann na Rannóige Feistis in Amharclann na Mainistreach agus bhí sí ina hionadaí foirne ar an mbord stiúrthóirí. Tá dearadh fairsing déanta aici d’Amharclann na Mainistreach agus do chompántais éagsúla in Éirinn, lena n-áirítear Fishamble: The New Play Company, ANÚ Productions, The Performance Corporation, Rough Magic Theatre, The Ark agus The Olympia Theatre. Tá cónaí uirthi i mBaile Átha Cliath.
Ag labhairt di faoin dámhachtain, dúirt Niamh: “Tá ríméad orm faoin deis ollmhór atá tugtha ag an gComhairle Ealaíon dom a bheith rannpháirteach i gClár Ceannaireachta Clore. Táim ar bís faoin tionchar a bheidh ag an eispéireas seo orm agus táim ag súil go mór le mo scileanna agus eolas nua a úsáid ar mhaithe leis na hEalaíona in Éirinn. Tá rún daingean agam leas iomlán a bhaint as an gComhaltacht seo agus táim ar bís le tosú air.”
Dúirt Orlaith McBride, Stiúrthóir na Comhairle Ealaíon: “Tá ríméad ar an gComhairle Ealaíon fáilte a chur roimh Niamh Lunny mar Chomhalta Jerome Hynes 2018/2019. Trí bhíthin ár gcaidrimh leanúnaigh leis an Clore Duffield Foundation agus lena chlár comhaltachta, táimid ag tacú le glúin nua ceannairí ealaíon a bhainfidh leas as a gcuid scileanna, a bpaisean agus a dtiomantas ar mhaithe le hathrú a chur i gcrích agus le forbairt na n-ealaíon in Éirinn a stiúradh.”
Glacfaidh Niamh páirt sa chlár bliana a gcuirfear tús leis i Meán Fómhair. Áirítear leis an gclár: dhá dhianchúrsa chónaitheacha maidir le ceannaireacht; forbairt ghairmiúil trí mheantóireacht, teagasc agus foghlaim i ngrúpa; tionscadal taighde grinn, faoi mhaoirsiú Institiúid Ardoideachais; agus tréimhse iasachta, lena n-áirítear taithí ar thionscadal dúshlánach a bhainistiú.
Is iad seo a leanas iarfhaighteoirí na comhaltachta seo: Kathleen Turner, Dylan Haskins, Mags Walsh, Jo Mangan, Willie White, Sharon Murphy, Fiona Kearney agus Fearghus Ó Conchúir.
←Fill ar ais go dtí an nuacht