Fógraíonn an Chomhairle Ealaíon, i gcomhar le Coláiste na nEalaíon, an Léinn Cheiltigh agus na nEolaíochtaí Sóisialta (UCC), agus leis an Scoil Ceoil agus Amharclannaíochta (UCC), go bhfuil Jack Talty, ceoltóir agus múinteoir a bhfuil cáil idirnáisiúnta air, ceaptha mar Ealaíontóir Traidisiúnta Cónaithe i gColáiste na hOllscoile Corcaigh in 2018-19. Cuirfidh Talty sraith ceolchoirmeacha, ceardlann agus ranganna i láthair i rith a chónaitheachta bliana, ag tosú i mí Dheireadh Fómhair.
Seinnteoir traidisiúnta consairtín agus pianó as Lios Uí Chathasaigh, in iarthar an Chláir, a bhfuil cáil idirnáisiúnta air is ea Jack Talty. Is céimí BA agus BMus as Coláiste na hOllscoile, Corcaigh é Jack, áit ar bronnadh Gradam Cuimhneacháin Sheáin Uí Riada, Gradam Cuimhneacháín Mary V. Hart agus Gradam Guild Bene Merente Chumainn UCC air. Tá taithí ag Jack mar thaibheoir agus tá camchuairteanna tugtha aige ar fud na hÉireann, na hEorpa, SAM, na hAstráile agus na hÁise, agus chuir sé le níos mó ná 70 albam a eisíodh go tráchtála mar thaibheoir, léiritheoir, cumadóir, cóiritheoir, agus innealtóir fuaime. Tá Jack ina stiúrthóir ealaíne ar lipéad ceol traidisiúnta na hÉireann, Raelach Records, a bhunaigh sé in 2011. Bhí sé mar chomhbhunaitheoir freisin agus tá sé ina chomhstiúrthóir ar Ensemble Ériú a bhfuil gradaim bainte amach aige. Bíonn Jack ar stáitse go rialta mar cheoltóir aonair, agus mar dhuine de bheirt leis an seinnteoir consairtín eile, Cormac Begley, agus ó 2013, bhí sé mar phríomhsheinnteoir consairtín agus ceann rannóige le Ceolfhoireann Cuimhne na hÉireann de chuid Dave Flynn. Ina thaighde PhD, a rinne sé i nDámh Chruinne Éireann Rince agus Ceol, Ollscoil Luimnigh, agus ar thacaigh Gradam Scoláire Iarchéime Rialtas na hÉireann ón gComhairle um Thaighde in Éirinn leis, fiosraítear institiúidiú oideolaíocht ceol traidisiúnta na hÉireann in ardoideachas na hÉireann. D’fhoilsigh Oxford University Press gnéithe dá thaighde in imleabhar in 2017 dar teideal College Music Curricula for a New Century, arna chur in eagar ag Robin D. Moore
Is í an Scoil Ceoil agus Amharclannaíochta in UCC a óstálfaidh Talty, áit atá ceannródaíoch ó thaobh cheol agus dhamhsa traidisiúnta na hÉireann le blianta fada. Is cuid ríthábhachtach den léann ceoil san ollscoil é an ceol traidisiúnta. Seasann sé gualainn ar ghualainn le ceol clasaiceach, le ceol pobail, le snagcheol agus le ceol domhanda de chineálacha éagsúla, lena n-áirítear ensemble gamalan Iávach a bhfuil dea-cháil i bhfad is i ngearr air. Cuirfidh foireann ealaíontóirí traidisiúnta atá aitheanta ar fud an domhain fáilte ó chroí roimhe, lena n-áirítear Máire Ní Chéilleachair, Bobby Gardiner, Connie O'Connell, Colm Murphy, Conal Ó Gráda, Niall Vallely, Oisín Morrison, Rebecca Saich, Mary Mitchell-Ingoldsby agus Tríona Ní Shíocháin.
←Fill ar ais go dtí an nuacht