Tá lúcháir ar an gComhairle Ealaíon a fhógairt go mbeidh Comhaltacht Jerome Hynes á tairiscint aici do 2015/16. Féadtar iarratas a dhéanamh ar Chomhaltacht Jerome Hynes anois do 2015/16. Tá sé mar aidhm ag an dámhachtain seo ceannairí cultúrtha den scoth a fhorbairt d’Éirinn.
Tionscnamh de chuid Chlár Ceannaireachta Clore atá bunaithe sa Ríocht Aontaithe í an Chomhaltacht. Meallann sí timpeall cúigear daoine eisceachtúla is fiche gach bliain, a bhfuil d’acmhainn acu ról suntasach a imirt i réimse leathan gníomhaíochtaí cultúrtha. Gheobhaidh an t-iarrthóir a n-éireoidh leis nó léi sparánacht is comhionann le £15,000 steirling chomh maith le buiséad oiliúna £7,500 steirling as costais a bhaineann lena c(h)lár forbartha aonair.
Ag tosú i Meán Fómhair 2015, tabharfaidh buaiteoir Chomhaltacht Jerome Hynes faoi bhunús a c(h)láir thar dhlúth-thréimhse seacht mí idir Eanáir agus Iúil 2016. Chomh maith le comhghníomhaíochtaí foghlama, tabharfaidh gach Comhalta aghaidh ar shainchlár d’fhorbairt phearsanta agus ghairmiúil.
Áirítear le struchtúr an chláir:
•dhá chúrsa chónaithe sa cheannaireacht
•socrúchán trí mhí chun taithí phraiticiúil a fháil in eagraíocht chultúrtha
•deiseanna foghlama saincheaptha
•oiliúint, meantóireacht agus cóitseáil arna roghnú ar bhonn aonair.
Tógann na Comhaltaí thart ar ocht mí saor óna n-obair le díriú ar an gclár.
Is iad na daoine a fuair an dámhachtain cheana ná Mags Walsh, Comhairleoir maidir le Daoine Óga, Leanaí agus Oideachas, an Chomhairle Ealaíon; Jo Mangan, Stiúrthóir, The Performance Corporation; Willie White, Stiúrthóir Ealaíne agus Príomhfheidhmeannach Fhéile Amharclannaíochta Bhaile Átha Cliath; Sharon Murphy, Cleachtóir Amharclannaíochta agus Bainisteoir Ealaíon; Fiona Kearney, Stiúrthóir an Lewis Glucksman Gallery (Dánlann Lewis Glucksman) i gCorcaigh agus Fearghus Ó Conchúir, damhsóir agus cóiréagrafaí.
Is é an spriocdháta i gcomhair iarratas le haghaidh Chomhaltacht Jerome Hynes ar Chlár Ceannaireachta Clore ná 12 meán lae, an 2 Feabhra 2015. Fógrófar ainm Chomhalta 2015/16 i mí an Mheithimh 2015.
Tuilleadh faisnéise
Chun tuilleadh faisnéise agus foirm iarratais ar líne a fháil, téigh chuig: www.cloreleadership.org.
←Fill ar ais go dtí an nuacht