Tar éis próiseas togra oscailte agus tar éis moladh a fháil don phainéal
comhairleach idirnáisiúnta, tá Opera Theatre Company agus Wide Open Opera
roghnaithe ag an gComhairle Ealaíon mar an soláthraí is fearr le haghaidh
ceoldrámaíocht príomhscála i mBaile Átha Cliath ag tosú in 2018. Déanfar
comhcheangal idir an dá eagraíocht sna míonna atá amach romhainn chun comhlacht
amháin a chruthú.
Déanfar plé i rith an tsamhraidh agus é mar aidhm comhaontú maoinithe a
bhaint amach leis an gcomhlacht cumasctha, d’fhonn an próiseas a chríochnú san
Fhómhar. Is é an toradh a bheidh ag an gcomhaontú críochnaithe ná léiriúcháin
Éireannacha de stór ceoldrámaíochta ollmhór a thabhairt ar ais go rialta ar
stáitse Bhaile Átha Cliath tar éis briseadh ocht mbliana. Beidh an dá
léiriúcháin seo ag taisteal go Corcaigh agus Loch Garman chomh maith.
“Is gné thábhachtach é an cinneadh seo de bheartas agus straitéis ceoldrámaíochta
nua na Comhairle Ealaíon,” a deir Cathaoirleach na Comhairle Ealaíona Sheila
Pratschke. “In éineacht le fás ar cheoldrámaíocht camchuairte ar scála níos lú
agus ár dtacaíocht leanúnach d’ealaíontóirí ceoldrámaíochta neamhspleácha agus
atá ag teacht chun cinn, feabhsóidh sé go mór an cheoldrámaíocht atá ann do
lucht féachana agus tabharfaidh sé deiseanna níos fearr d’ealaíontóirí.”
Chomh maith le ceoldrámaíocht phríomhscála do lucht féachana/éisteachta
Éireannach i mBaile Átha Cliath agus i gcathracha eile, tá an Chomhairle
Ealaíon tiomanta freisin dóibh seo a leanas a thabhairt isteach; dámhachtain
coimisiún nua don cheoldrámaíocht; sparánachtaí d’ealaíontóirí ceoldrámaíochta;
scéim taistil agus oiliúna d'ealaíontóirí ceoldrámaíochta; duais Léiriúcháin
agus Tionscadail Ceoldrámaíochta trí-shnáithe nua a cheanglóidh tacaíocht le
haghaidh léiritheoirí agus ealaíontóirí neamhspleácha; tacaíocht leanúnach le
haghaidh forbairt bhreise ar Fhéilte Ceoldrámaíochta; agus ceoldrámaíocht
camchuairte níos lú ar fud na hÉireann.
Deir an tUasal Pratschke go dtagann fógra an lae inniu i ndiaidh
próiseas plé leis an earnáil agus athbhreithniú mionsonraithe ar bheartas agus
ar sholáthar na ceoldrámaíochta in Éirinn.
“Tugann ár straitéis 10 mbliana, Saothar Ealaíne Iontach a
Tháirgeadh, tús áite do thacaíocht don ealaíontóir aonarach agus
rannpháirtíocht leis an bpobal, agus tá baint mhór ag an mbealach a thugann
muid aghaidh ar cheoldrámaíocht leis sin,” a deir sí.
←Fill ar ais go dtí an nuacht