D’fhógair
an Chomhairle Ealaíon sraith tionscnamh inniu faoina straitéis nua
ceoldrámaíochta, lena n-áirítear glao oscailte ar sholáthar ceoldrámaíocht
phríomhscála in Éirinn ó 2018 ar aghaidh agus tacaíochtaí d’ealaíontóirí
ceoldrámaíochta.
Dúirt an ghníomhaireacht le haghaidh fhorbairt na n-ealaíon go
bhfuiltear le mórléirithe nua Éireannacha de cheoldrámaí príomhscála a bhfuil
tóir orthu a thabhairt ar ais ar bhonn rialta ón mbliain seo chugainn faoi
bheartas nua de chuid na Comhairle Ealaíon. Tá na léirithe ina gcuid de réimse
nua tionscnamh atá a gcur i bhfeidhm ón mbliain seo ar aghaidh leis an
infheistíocht bhreise san fhoirm ealaíne faoi bheartas nua ceoldrámaíochta na
Comhairle.
Chomh maith le ceoldrámaíocht phríomhscála do lucht
féachana/éisteachta Éireannach i mBaile Átha Cliath agus i gcathracha eile, tá
an Chomhairle Ealaíon tiomanta freisin dóibh seo a leanas a thabhairt isteach:
Dámhachtain nua coimisiún sa cheoldrámaíocht
Sparánachtaí d’ealaíontóirí ceoldrámaíochta
Scéim taistil agus oiliúna d’ealaíontóirí
ceoldrámaíochta
Dámhachtain nua Léirithe agus Tionscadail
Ceoldrámaíochta trí shraith ina gcuimseofar tacaíocht do léiritheoirí agus
d’ealaíontóirí neamhspleácha.
Tacaíocht leanúnach le haghaidh tuilleadh
forbartha ar an bhFéile Cheoldráma agus camchuairteanna Ceoldrámaíochta níos lú
ar fud na hÉireann
Ag labhairt di inniu, dúirt Cathaoirleach na Comhairle Ealaíon,
Sheila Pratschke, “Tá an-áthas orm gur thiomnaigh an Chomhairle Ealaíon í
féin do mhéadú suntasach a dhéanamh ar a hinfheistíocht sa Cheoldrámaíocht in
Éireann thar na blianta amach romhainn.
Leis an infheistíocht bhreise sin soláthrófar deiseanna feabhsaithe d’ealaíontóirí
ceoldrámaíochta lena ngairmeacha gairmiúla a fhorbairt chomh maith le tuilleadh
deiseanna a fhorbairt do dhaoine ar fud na hÉireann chun léirithe
ardchaighdeáin ceoldrámaíochta a fheiceáil.
“Déantar soláthar i straitéis nua na Comhairle chun ceoldrámaíocht
phríomhscála ón gcroí-stór a léirítear in Éirinn a chur i láthair ar bhonn
rialta i mBaile Átha Cliath agus camchuairteanna breise ar chathracha eile,
méadú ar chamchuairteanna ar scála níos lú ó cheann ceann na tíre, leanúint le
ceoldrámaí nua Éireannacha ó léiritheoirí ‘neamhspleácha’ agus ealaíontóirí atá
ag teacht chun cinn chomh maith leis an tacaíocht leanúnach dár gceoldrámaíocht
ó stór neamhghnách i Loch Garman.
“Táimid ag tnúth le bheith ag obair leis an Rialtas thar na
blianta amach romhainn chun earnáil cheoldrámaíochta uaillmhianach inbhuanaithe
ina mbeidh go leor acmhainní a fhorbairt in Éirinn.”
Tagann an fógra i ndiaidh próiseas plé leis an earnáil agus
athbhreithniú mionsonraithe ar bheartas agus ar sholáthar na ceoldrámaíochta in
Éirinn, a tionóladh anuraidh. Sa bheartas nua ceoldrámaíochta cloítear le
straitéis na Comhairle maidir le tús áite a thabhairt do thacaíocht don
ealaíontóir aonair agus do rannpháirtíocht an phobail faoi mar atá leagtha
amach ina straitéis deich mbliana Saothar
Ealaíne Iontach a Tháirgeadh, trí fhéachaint le dul i ngleic le
riachtanais shonracha na n-ealaíontóirí ceoldrámaíochta agus na luchtanna
féachana/éisteachta a sainaithníodh i bpróiseas an athbhreithnithe. Ábhar imní
mór ba ea soláthar náisiúnta ceoldrámaíochta níos cothromaithe agus níos
inbhuanaithe a bhaint amach.
Inniu, d’eisigh an Chomhairle Ealaíon ‘glao
oscailte’ ar thograí ó
pháirtithe a bhfuil suim acu i stór ceoldrámaíochta príomhscála a léiriú in
Éirinn ó 2018 aghaidh. I ndiaidh measúnú a dhéanamh ar na tograí a fuarthas, tá
súil ag an gComhairle Ealaíon comhaontú foirmiúil ilbhliantúil le léiritheoir a
fhógairt faoi shamhradh 2017 agus go mbeidh léirithe ar bun ó 2018 ar aghaidh.
←Fill ar ais go dtí an nuacht