Taispeántas na hÉireann ag Biennale na Veinéise
Is cúis áthais don Chomhairle Ealaíon a fhógairt go n-osclófar The Shrinking Universe le Eva Rothschild, ag Ionad VISUAL, Ceatharlach, Dé Sathairn, 8 Feabhra.
Seo é camchuairt an chur i láthair náisiúnta de Phailliún na hÉireann ag 58ú Biennale na Veinéise, 2019, á coimeád ag Mary Cremin, agus a bhfuil tacaíocht aici ón gComhairle Ealaíon.
Cruthaíonn Eva Rothschild timpeallacht dealbhóireachta agus thumthach ag úsáid ábhar agus formáidí dealbhóireachta éagsúla, agus ligtear don phobal a bheith ina lucht féachana agus ina rannpháirtí ag an am céanna sa timpeallacht sin. Cruthaítear spás dealbhóireachta atá sóisialta mar chuid de thaispeántas Rothschild, spás inar féidir machnamh a dhéanamh ar oidhreacht ábhar shibhialtachtaí an lae inniu agus sibhialtachtaí ón am a caitheadh.
Tá Eva Rothschild ar dhuine de na deabhóidí is fearr dá glúin, agus léirítear feasacht dhomhain ar an traidisiún nua-aimseartha ina saothair, ach éiríonn léi a teanga dhealbhóireachta féin a chur in iúl chomh maith. Téann sí i ngleic ina saothair le rudaí ón timpeallacht uirbeach ina bhfuil cónaí uirthi agus ina n-oibríonn sí, mar aon le foirmeacha síoraí na geoiméadrachta agus an chlasaiceachais. Tá íogaireacht aeistéitiúil ghalánta le brath sa chaoi a n-úsáideann sí ábhair, scála, leachtmhaireacht, dathanna agus línte, agus éiríonn léi formáidí dealbhóireachta a shéanadh agus a úsáid i mbealach úr.
Áirítear saothair eile de chuid Rothschild sa taispeántas seo d’ionad VISUAL; ina measc tá ‘Trophy’ (2014), atá ar iasacht ó Bhailiúchán na Comhairle Ealaíon, agus ‘A Sacrificial Layer’ (2019), saothar a fhreagraíonn ar shuíomh ar leith agus a coimisiúnaíodh go speisialta do Dhánlann Link, ag Ionad VISUAL.
Rachaidh ‘Shrinking Universe’, leis an ealaíontóir Eva Rothschild, agus a bhí mar ionadaíocht náisiúnta ar Éirinn an 58ú hócáid de Thaispeántas Débhliantúil Ealaíne na Veinéise de chuid La Biennale di Venezia, ar camchuairt chuig IMMA, Baile Átha Cliath (12 Meitheamh – 11 Deireadh Fómhair 2020), agus chuig Void, Doire (30 Eanáir – 27 Márta 2021).
“Tá ríméad ar an gComhairle Ealaíon tacú leis an gcamchuairt náisiúnta de The Shrinking Universe a cuireadh isteach ar son na hÉireann ag 58ú Biennale na Veinéise in 2019,” a dúirt Cathaoirleach na Comhairle Ealaíon, Kevin Rafter.
“Is ceart go dtugtar aitheantas do Eva Rothschild mar dhuine de na healaíontóirí Éireannacha is cumasaí agus is tábhachtaí atá ag saothrú inniu. Agus cáil idirnáisiúnta shuntasach bainte amach aici ag an taispeántas is tábhachtaí agus is iomráití an domhain, is cúis mhór bhróid dúinn tacú le filleadh na saothar seo ar Éirinn ionas go mbeidh muintir na hÉireann in ann iad a fheiceáil lena súile féin.
Tá lúcháir ar an gComhairle Ealaíon a bheith in ann tacú leis an taispeántas Éireannach ar Éirinn sa Veinéis mar chuid dá tiomantas inár straitéis deich mbliana, ‘Saothar Ealaíne Iontach a Tháirgeadh’, a bhfuil sé mar aidhm léi tacú le healaíontóirí chun saothair uaillmhianacha agus nuálacha a chruthú chun luchtanna féachana a ghabháil ar fud na tíre.
Bhí deis agam saothar Eva a fheiceáil sa Veinéis anuraidh, agus sílim go mbeidh meas ag lucht féachana in Éirinn ar an gcaighdeán ard a bhaineann le The Shrinking Universe.”
Tacaíonn an Chomhairle Ealaíon leis an taispeántas Éireannach ar Éirinn sa Veinéis mar chuid dá tiomantas na hamharc-ealaíona a chur chun cinn i measc lucht féachana na hÉireann. Tionscnamh de chuid Chultúr Éireann i gcomhar leis an gComhairle Ealaíon is ea Éire sa Veinéis.
←Fill ar ais go dtí an nuacht