D’fhógair an Taoiseach Enda Kenny, TD, tráthnóna gurb í Anne Enright an chéad Laureate i gcomhair Ficsean Éireannach. Bhronn an Chomhairle Ealaíon an gradam uirthi ag searmanas i mBaile Átha Cliath agus cuirfidh sí tús lena téarma trí bliana an mhí seo.
D’fhreastail comhaltaí den earnáil chultúrtha agus ealaíon, agus aíonna an Laureate ar an searmanas. Tugadh bualadh bos mór, fada nuair a fógraíodh ceapachán Anne Enright.
Ag labhairt dó ag an imeacht dúirt an Taoiseach: “Bronntar an Laureate i gcomhair Ficsean Éireannach ar bhunús gnóthachtáil agus sármhaitheas liteartha, agus is é an gradam is airde is féidir le Stát na hÉireann a bhronnadh ar scríbhneoir sa seánra seo. Ba í Anne Enright an rogha oirirc mar gheall ar a cuid scríbhneoireachta solabhartha agus cumhachtaí, a glór fíoraonarach agus a tiomantas gan staonadh dá ceird. Thar ceann an Rialtais agus mhuintir na hÉireann, déanaim comhghairdeas ó chroí léi. Tá a fhios agam gur ról é a dhéanfaidh sí le gradam.”
Roghnaíodh an Laureate i gcomhair Ficsean Éireannach tar éis glaoch fairsing ar ainmniúcháin i rith an tsamhraidh agus dianphróiseas roghnaithe, a chríochnaigh le hobair painéil roghnaithe idirnáisiúnta faoi chathaoirleacht an fhile Paul Muldoon. Ba iad an t-úrscéalaí agus an buaiteoir is déanaí de Ghradam Liteartha IMPAC Bhaile Átha Cliath Juan Gabriel Vasquez; an file Paula Meehan, Eagarthóir Ficsin Iris an New Yorker, Deborah Treisman, an tÚrscéalaí, file agus beathaisnéisí, Blake Morrison agus Siobhán Parkinson, an chéad Laureate na nÓg in Éirinn, na daoine eile a bhí ar an bpainéal.
Ag labhairt di díreach tar éis fhógra an Taoisigh dúirt Anne Enright: “Ní bhaineann post an Laureate le scríbhneoir amháin, ach le sraith scríbhneoirí a shínfidh amach sa todhchaí a mbeidh ról suaithinseach gairid acu ar fad i litríocht na hÉireann. Is mór an onóir dom gur roghnaíodh mé. Tá súil agam go mbeidh mé in ann don ról, agus go mbeidh beagán spraoi agam á dhéanamh. Faighim misneach, mar a fhaighim i gcónaí, ó na léitheoirí ar bhuail mé leo – go háirithe in Éirinn, ach thar lear chomh maith – a cheadaíonn don fhicsean tionchar domhain a bheith aige orthu; a ligean scríbhneoirí Éireannacha isteach ina n-intinní agus ina gcroíthe, agus a fhearann fáilte rompu.”
Mhaígh Sheila Pratschke, Cathaoirleach na Comhairle Ealaíon: “Tá an t-ealaíontóir aonair i gcroílár ár saoil chultúrtha agus ealaíne, agus tá ról ríthábhachtach aige i sochaí na hÉireann. Tá traidisiún liteartha bródúil ag Éirinn, agus tagann an traidisiún sin ón scríbhneoir aonair agus is as sin a fhásann sé. Níl aon cheist faoi thiomantas Anne Enright dá ceird; tá a sármhaitheas mar scríbhneoir soiléir; ní féidir a ceangal le léitheoirí a shéanadh. Tá an-bhród ar an gComhairle Ealaíon an chéad Laureate i gcomhair Ficsean Éireannach a bhronnadh uirthi.”
Dúirt Paul Muldoon, thar ceann an phainéil roghnaithe: “Tá Anne Enright géarchúiseach, léirsteanach, amplach go hintleachtach agus gafa go mothúchánach, agus chuidigh sí le cúig bliana fichead anuas le muintir na hÉireann chun ciall a bhaint as a saoil, ón naíolann go dtí an fiachas náisiúnta. Trína ficsean éagsúil agus leathan, chuidigh sí leis an gcuid eile den domhan chomh maith le ciall a bhaint as saol na hÉireann. Mar aon le bheith ina healaíontóir críochnúil, beidh fuinneamh soiléir agus lonrach ag Enright ina ról. Is í ár rogha d’aon ghuth í mar an chéad Laureate i gcomhair Ficsean Éireannach.”
An deireadh seachtaine seo, glacfaidh Anne Enright páirt in agallamh poiblí leis an bhfile agus craoltóir Vincent Woods ag Leabharlann Phoiblí an Longfoirt Dé Sathairn, an 31 Eanáir. Léifidh Anne roinnt saothair tar éis don fhile Rita Ann Higgins í a chur i láthair ag Siopa Leabhar Charlie Byrne i nGaillimh Dé Domhnaigh, an 1 Feabhra. Tá faisnéis maidir le háit a chur in áirithe ag an dá imeacht le fáil ar shuíomh Gréasáin na Comhairle Ealaíon, www.artscouncil.ie/laureate, agus cuirfear buaicphointí ón dá imeacht seo ar an suíomh.
←Fill ar ais go dtí an nuacht