- An tAire agus an Chomhairle Ealaíon chun bualadh le ceannairí téatair a chomhshínigh an ráiteas ar chiapadh
- An tAire ag comhoibriú leis an gComhairle Ealaíon chun comhairliúchán ar fud an tionscail a éascú ag ár dTéatar Náisiúnta
- Bearta fógartha a bhaineann le comhlachtaí atá ag freagairt go díreach do Roinn an Aire
D’fhógair an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, Heather Humphreys TD, inniu (Déardaoin), sraith beart ar ghnéaschiapadh agus mí-úsáid cumhachta san áit oibre in earnáil na n-ealaíon agus an chultúir, lena n-áirítear tionscnaimh shonracha i gcomhar leis an gComhairle Ealaíon.
Ar an gcéad dul síos, thug an tAire cuireadh don ghrúpa ochtar ceannairí ó eagraíochtaí amharclannaíochta na hÉireann, a chomhshínigh ráiteas le déanaí ina ndéantar cáineadh ar ghnéaschiapadh agus ar mhí-úsáid cumhachta sa téatar in Éirinn, chun bualadh léi féin agus leis an gComhairle Ealaíon an tseachtain seo chugainn.
Is é aidhm an chruinnithe bealaí a phlé inar féidir leis an Roinn agus leis an gComhairle Ealaíon le chéile tacú leis an earnáil chun cultúr agus timpeallacht shábháilte a chruthú dóibh siúd atá ag obair sa tionscal. Tabharfar ardán i gcomhair plé, díospóireachta agus smaointe ag an gcruinniú.
Arsa an tAire Humphreys: “Creidim gur cheart do mo Roinn, don Chomhairle Ealaíon agus do phríomhbhaill na n-eagraíochtaí téatair oibriú as lámh a chéile chun timpeallacht shábháilte agus mheasúil a spreagadh a bheidh saor ó mhí-úsáid cumhachta agus ó ghnéaschiapadh. Tá teorainn lenar féidir linn a dhéanamh asainn féin – ach má oibrímid le chéile beimid in ann ár gcuspóirí comhroinnte a bhaint amach.
Bhí an tAire i mbun oibre le Cathaoirleach Amharclann na Mainistreach freisin an tseachtain seo. Dúirt sí freisin:
“Ag éirí as comhrá a bhí agam le hAmharclann na Mainistreach, beidh mé ag comhoibriú freisin lenár dTéatar Náisiúnta chun cleachtadh comhairliúcháin ar fud an tionscail a éascú a chuirfear ar bun i gcomhpháirtíocht leis an gComhairle Ealaíon. Bheimis ag súil an comhairliúchán a chur ar bun faoi dheireadh na míosa.”
Dúirt Orlaith McBride, Stiúrthóir na Comhairle Ealaíon:“Tá an Chomhairle Ealaíon tiomanta ina straitéis, ‘Saothar Ealaíne Iontach a Tháirgeadh’, do dhálaí maireachtála agus oibre ealaíontóirí a fheabhsú. Ón méid atá cloiste againn le roinnt laethanta anuas is léir go dteastaíonn tacaíocht ó eagraíochtaí lena chinntiú go mbeidh na dálaí cearta ann do gach ealaíontóir agus dóibh siúd atá ag obair in earnáil na n-ealaíon.
“Táim ag tnúth le bheith ag obair leis an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta agus leis an earnáil chun tuiscint níos fearr a fháil ar na tacuithe atá ag teastáil chun dea-chleachtas a chinntiú in earnáil na n-ealaíon.”
Rud ar leith uaidh sin, ná gur aithin an tAire roinnt gníomhartha atá beartaithe aici a ghlacadh maidir le comhlachtaí a thuairiscíonn díreach dá Roinn. I measc na gcomhlachtaí sin tá ár bhForais Chultúrtha Náisiúnta agus gníomhaireachtaí stáit.
Cé go bhfuil Boird na bhForas Cultúrtha Náisiúnta freagrach ar bhonn dleathach as cleachtas dea-rialachais, tá sé mar rún ag an Aire cuidiú le boird a gcuid feidhmeanna a chomhlíonadh ar bhealach níos éifeachtaí, agus tacú leo lena chinntiú go bhfeidhmíonn beartais a bhaineann le comhionannas agus meas san áit oibre go héifeachtach ag teacht le dea-chleachtas.
Tá ordú tugtha aici dá Roinn tabhairt faoi na gníomhartha seo a leanas:
- Ceardlanna tiomnaithe ar leithligh a shocrú do chomhaltaí boird agus d’fhoireann shinsearach comhlachtaí a thuairiscíonn don Roinn.
- Láimhseálfaidh na ceardlanna rialachas tríd is tríd, agus díreofar go háirithe ar ról an Bhoird, caidreamh an Bhoird leis an gcoiste feidhmiúcháin agus a bhfreagrachtaí dlíthiúla faoi seach. Cuirfear béim ar leith ar shaincheisteanna a bhaineann le bulaíocht, mí-úsáid cumhachta agus gnéaschiapadh san áit oibre.
- Tabharfaidh an tAire cuireadh freisin do gach eagraíocht chultúrtha agus d’ionaid ealaíon eile ar fud na tíre chun oiliúint den chineál céanna a fháil. Cuirfear an oiliúint ar fáil do pháirtithe leasmhara ag sraith laethanta faisnéise réigiúnaí.
- Cuirfear ar na súile arís eile do chomhlachtaí a thuairiscíonn don Roinn cén sórt oibleagáidí dlíthiúla atá orthu, trí scríobh chucu láithreach le deimhniú a fháil uathu go bhfuil siad ag cloí le hoibleagáidí faoi reachtaíocht fostaíochta (na hAchtanna um Chomhionannas Fostaíochta, an tAcht um Shábháilteacht, Sláinte agus Leas ag an Obair, agus an tOrdú fán Acht um Chomhionannas Fostaíochta, 1998 (Cód Cleachtais) (Ciapadh), 2012).
- Iarrtar orthu ar aon chaoi na deimhnithe sin a thabhairt sa tuarascáil bhliantúil maidir lena gcuntais, ach i bhfianaise imeachtaí le déanaí san earnáil, tá sé i gceist aird a tharraingt ar na hoibleagáidí sin.
- Dlús a chur faoi athbhreithniú beartaithe ar mar atá comhlachtaí a thuairiscíonn don Roinn ag comhlíonadh na gceanglas sa Chód Cleachtais um Rialachas Comhlachtaí Stáit.
Arsa an tAire Humphreys: “Le gairid anuas, tá roinnt líomhaintí agus tuairiscí de ghnéaschiapadh agus bulaíocht san áit oibre a bhaineann le pobal na n-ealaíon a scanródh thú. Cé go bhfuil sé de dhualgas ar gach áit oibre cloí le reachtaíocht fostaíochta, tá roinnt gníomhartha aitheanta agam atáim in ann a ghlacadh mar Aire i dtaca leis na comhlachtaí a thuairiscíonn do mo Roinn.
“Ar bhonn níos leithne, tá sé i gceist leis na tionscnaimh atá á bhfógairt agam inniu leis an gComhairle Ealaíon an earnáil iomlán a éascú chun oibriú le chéile chun deireadh a chur le hiompar doghlactha. I ndiaidh cainteanna idir an Roinn, an Chomhairle Ealaíon agus na príomheagraíochtaí téatair an tseachtain seo chugainn, beidh mé sásta dul i ngleic le haon saincheisteanna eile a ardófar inár gcuid plé.”←Fill ar ais go dtí an nuacht