D’fháiltigh an Chomhairle Ealaíon inniu roimh fhógra an Aire Meán, Turasóireachta, Ealaíon, Cultúir, Spóirt & Gaeltachta, Catherine Martin TD, faoi mhaoiniú €130 milliún i gcomhair 2021.
Dúirt an ghníomhaireacht rialtais a dhéanann na healaíona a mhaoiniú agus a fhorbairt go n-úsáidfear an infheistiú chun tacú le healaíontóirí agus le heagraíochtaí ealaíon le linn na géarchéime Covid-19, agus chun a chinntiú go leanfaidh daoine ar fud na tíre ar aghaidh ag glacadh páirte sna healaíona in 2021.
Dúirt Cathaoirleach na Comhairle Ealaíon, an tOllamh Kevin Rafter: “Is ionann an tiomantas maoinithe i gcomhair 2021 agus teachtaireacht láidir go mbeidh ealaíontóirí agus eagraíochtaí ealaíon ag croílár phlean téarnaimh náisiúnta an rialtais. Tá dúshláin ollmhóra feicthe ag an earnáil de bharr na géarchéime Covid-19 ach cabhróidh an leithdháileadh stairiúil €130m sa bhuiséad leis an gComhairle Ealaíon chun poist agus slite beatha a chosaint, mar aon le cabhrú le heagraíochtaí ealaíon tábhachtacha atá thíos le deacrachtaí airgeadais agus iad ag tabhairt faoin ngéarchéim in 2021.”
Dúirt Stiúrthóir na Comhairle Ealaíon Maureen Kennelly: “Tá acmhainneacht, samhlaíocht agus comhbhá den scoth léirithe ag ealaíontóirí oibrithe ealaíon agus eagraíochtaí ealaíon ina n-iompar le linn na paindéime. Tá dúshláin ollmhóra rompu fós. Leis an infheistiú méadaithe seo, táimid ag tnúth le tacú leis an earnáil chun tabhairt faoi na dúshláin sin ionas go bhféadfaí poist a chosaint, saothar d’ardchaighdeán a dhéanamh agus an pobal a shroicheadh.”
Leanfaidh an Chomhairle Ealaíon ag obair go dlúth leis an Roinn Meán, Turasóireachta, Ealaíon, Cultúir, Spóirt agus Gaeltachta, agus ag obair ar Thascfhórsa Téarnaimh an Chultúir leis an Aire Catherine Martin, lena chinntiú go mbeidh na healaíona lárnach ar thuras na hÉireann trí Covid agus amach as.
←Fill ar ais go dtí an nuacht