D’fháiltigh an Chomhairle Ealaíon inniu roimh an rath atá bainte amach ag roinnt ealaíontóirí agus tionscadal de chuid na hÉireann faoin scéim Beyond Borders.
Táthar tar éis maoiniú a bhronnadh ar réimse eagraíochtaí, grúpaí ceoil agus cumadóirí atá lonnaithe in Éirinn agus sa Bhreatain tríd an mbabhta is déanaí den chlár comhchoimisiúnaithe agus camchuairteanna, rud a fhágfaidh go bhfaighidh lucht féachana ar fud na hÉireann agus na Breataine deis blaiseadh a fháil ar ocht gcinn de thionscadail iontacha úra ceoil.
Ar na tionscadail rathúla a fógraíodh, tá Restless Islands le Ronan Guilfoyle agus an Improvised Music Company, sraith bhreise le haghaidh seisréad snagcheoil a fhiosraíonn an t-atmaisféar agus na himeachtaí idircheangailte a mhúnlaigh an Bhreatain agus Éire sa chéad tríocha bliain den 20ú hAois agus cuirfidh Paul Dunlea agus an New Irish Jazz Orchestra Four Corners i láthair den chéad uair, á sheinm ag buíon scothcheoltóirí snagcheoil.
Cuirfidh Benjamin Dwyer, cumadóir Éireannach, agus Chapter (Caerdydd) Ltd Sacrum Profanum i láthair, saothar ilmheán a fhiosraíonn téamaí atá bunaithe ar shnoíteáin chloiche Shíle na gCíoch, rud a chomhcheanglaíonn ceol comhaimseartha le foirmeacha traidisiúnta de chuid na hÉireann, agus cuirfidh Andy Ingamells agus Third Ear Music This is About inár láthair, taibhléiriú amharclainne a cheanglaíonn an iománaíocht le fuaimeanna an cheoil chomhaimseartha agus a chuireann an lucht féachana i gcroílár an ghleo.
Agus í ag labhairt faoin bhfógra, dúirt Orlaith McBride, Stiúrthóir na Comhairle Ealaíon,
“Ábhar lúcháire dúinn an rath atá bainte amach ag roinnt mhaith ealaíontóirí agus tionscadal de chuid na hÉireann faoi scéim Beyond Borders na bliana seo. Aibhsíonn an scéim nádúr comhoibritheach na n-ealaíon agus, i gcomhthéacs an Bhreatimeachta, meabhraíonn dúinn a chroílárnaí atá an tsaorghluaiseacht d’ealaíontóirí chun go leanfar d’fhorbairt na gcomhpháirtíochtaí cultúrtha idir Éire agus an Bhreatain.”
Tacaíonn Beyond Borders le saothair chomhchoimisiúnaithe agus camchuairteanna ardchaighdeáin, d’fhonn comhoibriú a spreagadh idir cumadóirí, grúpaí taibhithe agus eagraíochtaí ceoil in Éirinn, thuaidh agus theas, i Sasana, in Albain agus sa Bhreatain Bheag. Tá an scéim á reáchtáil ag an PRS Foundation i gcomhar le Creative Scotland, le tacaíocht ón gCrannchur Náisiúnta trí Chiste Oscailte Tionscadal Creative Scotland, Comhairle Ealaíon na Breataine Bige, Comhairle Ealaíon Thuaisceart Éireann agus an Chomhairle Ealaíon.
Chun níos mó eolais a fháil ar an gclár Beyond Borders, tabhair cuairt ar: https://prsfoundation.com/funding-support/funding-for-organisations/beyond-borders
Seo thíos liosta iomlán na saothar a mbeifear ag tacú leo:
• Restless Islands á chur i láthair ag Ronan Guilfoyle agus Improvised Music Company
Sraith bhreise le haghaidh seisréad snagcheoil a fhiosraíonn an t-atmaisféar agus na himeachtaí idircheangailte a mhúnlaigh an Bhreatain agus Éire sa chéad tríocha bliain den 20ú hAois.
• Gaia, á chur i láthair ag Laura Bowler agus Sound Festival
Clár nuálach camchuairte de shaothair úra le banchumadóirí gutha agus feadóige de chuid na RA, á sheinm ag Ruth Morley (feadóg) agus Laura Bowler (cumadóir/soprán).
• Sacrum Profanum á chur i láthair ag Benjamin Dwyer agus Chapter (Caerdydd) Ltd
Saothar ilmheán a fhiosraíonn téamaí atá bunaithe ar shnoíteáin chloiche Shíle na gCíoch agus a chomhcheanglaíonn ceol comhaimseartha le foirmeacha traidisiúnta de chuid na hÉireann, á stiúradh ag Ben Dwyer, cumadóir de chuid na hÉireann.
• Songs from Above and Below á chur i láthair ag John McLeod agus Live Music Now Scotland
Songs from Above and Below le John McLeod, sraith 6 amhrán gutha/pianó ar machnamh iad ar phobail mhianadóireachta lár na hAlban agus dheisceart na Breataine Bige.
• Four Corners á chur i láthair ag Paul Dunlea agus an New Irish Jazz Orchestra
Camchuairt a chuirfidh inár láthair den chéad uair sraith úrchumtha le Paul Dunlea, á sheinm ag buíon scothcheoltóirí snagcheoil as an mBreatain agus as Éirinn.
• This is About á chur i láthair ag Andy Ingamells agus Third Ear Music
Taibhléiriú amharclainne a cheanglaíonn an iománaíocht, spórt ársa na nGael, le fuaimeanna an cheoil chomhaimseartha agus a chuireann an lucht féachana i gcroílár an ghleo.
• Manchester Collective: Camchuairt 19/20 na RA á chur i láthair ag TourAbel Selaocoe agus Manchester Collective
Forbairt lucht féachana i Sasana, sa Bhreatain Bheag, in Albain agus i dTuaisceart Éireann trí cheol úr á chur i láthair le taibhléiriú, coimisiúnú, ceardlanna agus obair chamchuairte.
• DE-VAST-ATION & SABOT-AGE/wasteman á chur i láthair ag Phoebe Collings-James agus AC Projects/ Counterflows
Leis an bhféile suaitheantais de chuid AC Projects, Counterflows agus in éineacht le Oto Projects agus Moving On Music, déanfar saothar ildisciplíneach le Last Yearz Interesting Negro & Phoebe Collings-James a choimisiúnú.
←Fill ar ais go dtí an nuacht