San fheachtas ‘Cuir Scéal ina Stoca’ iarrtar ar thuismitheoirí leabhar a roghnú le cur i stoca na Nollag agus iarrtar ar theaghlaigh am a chaitheamh le chéile ag léamh an Nollaig seo
Sheol an Chomhairle Ealaíon a feachtas Nollag “Cuir Scéal ina Stoca” ag spreagadh tuismitheoirí leabhar a roghnú le cur i stoca Nollag a gcuid leanaí agus roinnt ama a chaitheamh ag léamh agus ag roinnt scéalta lena gcuid leanaí i rith shaoire na Nollag.
Ag labhairt di ag seoladh an fheachtais inniu, dúirt Stiúrthóir na Comhairle Ealaíon Orlaith McBride: “Táimid ag iarraidh ar thuismitheoirí agus ar theaghlaigh leabhar a chur i stoca Nollag a gcuid leanaí an Nollaig seo agus am a chaitheamh ag léamh agus ag roinnt scéalta lena gcuid leanaí. Taispeántar i dtaighde de chuid na Comhairle Ealaíon agus an ESRI na buntáistí ollmhóra a chruthaítear do leanaí nuair a spreagann a dtuismitheoirí iad a bheith ag léamh nó nuair a léann a gcuid tuismitheoirí scéalta dóibh.
Éiríonn níos fearr le leanaí óga ar scoil a léann leabhair nó a léann a gcuid tuismitheoirí scéalta dóibh, éiríonn níos fearr leo sa léitheoireacht agus sa mhatamaitic, bíonn siad níos sásta, níos muiníne mar fhoghlaimeoirí agus ní bhíonn an oiread deacrachtaí soch-mhothúchánacha acu. Ní féidir an fhianaise a shéanadh: déanann an léitheoireacht maitheas do leanaí.
Táimid ag súil go spreagfaidh an feachtas seo tuismitheoirí agus teaghlaigh díriú ar dhraíocht na scéalaíochta an Nollaig seo. Táimid ag súil go gcaithfidh siad tréimhse luachmhar le chéile ag léamh. Ceannaigh é, faigh ar iasacht é nó tarraing amach as tóin bosca san áiléar é. Tabhair leat leabhar an Nollaig seo agus bí ag faire ar an mbís a bheidh ar do leanbh le teann samhlaíochta.”
Fuarthas amach na rudaí seo a leanas i dtaighde nua a d’fhoilsigh iReach Insights inniu ar ghnásanna léitheoireachta tuismitheoirí Éireannacha:
• Ba mhaith le duine as beirt tuismitheoirí breis ama a chaitheamh ag léamh dá gcuid leanaí
• As na tuismitheoirí a léann dá gcuid leanaí, is é 14 nóiméad an meántréimhse a chaitear ag léamh leo gach lá. Caitheann duine as beirt tuismitheoirí suas le 30 nóiméad ag léamh dóibh, agus léann duine as deichniúr dá gcuid leanaí ar feadh 30 nóiméad nó níos mó.
• Ní chaitheann beirt as cúigear tuismitheoirí aon am ag léamh dá gcuid leanaí
• Ar an meán caitheann tuismitheoirí 124 nóiméad gan cur isteach orthu lena gcuid leanaí gach lá
Tá a dtacaíocht tugtha don fheachtas ag daoine cáiliúla ó shaol na n-ealaíon agus na meán in Éirinn ar breá leo leabhair. Ina measc siúd, tá an tAire Ealaíon, Oidhreachta, Réigiúnach, Tuaithe agus Gnóthaí Gaeltachta Heather Humphreys. I measc na ndaoine eile, tá Roddy Doyle, na craoltóirí Sean Moncrieff agus an Dr Ciara Kelly, an scríbhneoir Stefanie Preissner agus an t-aisteoir Rory Cowan.
Mar chuid den fheachtas, rinne na daoine mór le rá seo a
leanas taifeadadh ar fhíseán gearr ina labhraíonn siad faoi na leabhair ab
fhearr leo nuair a bhí siad óg. Scaoilfidh an Chomhairle Ealaíon físeán in
aghaidh an lae thar na laethanta amach romhainn. Físeán greadóige:
https://vimeo.com/194410070/1e4735a7fb
Heather Humphreys – An tAire Ealaíon,
Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta.
Eoin Colfer - Údar Leabhar do Leanaí &
Iar-Laureate na nÓg
PJ Lynch – Maisitheoir Leabhar do Leanaí agus
Laureate na nÓg faoi láthair
Siobhan Parkinson – Scríbhneoir Éireannach &
Iar-Laureate na nÓg
Niamh Sharkey – Údar, Maisitheoir a bhfuil
gradaim bainte amach aici & Iar-Laureate na nÓg
Roddy Doyle – Úrscéalaí, Scríbhneoir Scáileáin
& Drámadóir Éireannach
Rory Cowan – Aisteoir, Mrs Brown’s Boys
Dr Ciara Kelly – GP, Craoltóir & Colúnaí
Ciara Doherty – Láithreoir ar TV3
Sarah Carey – Craoltóir
Sarah McInerney – Láithreoir Raidió
Sean Moncrieff – Craoltóir, Iriseoir &
Scríbhneoir
Diana Bunici – Údar agus Láithreoir Teilifíse
Stefanie Preissner – Scríbhneoir Scáileáin,
Drámadóir, Aisteoir