Gheobhaidh na céadta páistí i moil teaghlaigh, in Ionaid Soláthair Dhírigh agus i scoileanna Deis ar fud na hÉireann, mar bhronntanas, beart leabhar nua leis na húdair Éireannacha is fearr mar chuid de thionscnamh na Comhairle Ealaíon lena chinntiú go bhfaighidh a oiread daoine agus is féidir blaiseadh den Oíche Chultúir Dé hAoine, 18 Meán Fómhair.
Agus tuismitheoirí á spreagadh le bheith rannpháirteach in éineacht lena gcuid páistí, tá an ghníomhaireacht rialtais atá freagrach as na healaíona a mhaoiniú agus a fhorbairt tar éis dul i bpáirt le Leabhair Pháistí Éireann chun treoir speisialta a fhoilsiú ar 100 de na leabhair Éireannacha is fearr do pháistí. Déanfar an treoirleabhar Books Make Things Better, ar coimisiúnaíodh Oliver Jeffers le clúdach speisialta a mhaisiú lena aghaidh, a scaipeadh saor in aisce trí shiopaí leabhar agus leabharlanna; sin nó is féidir é a íoslódáil ón Idirlíon.
“Seo an chéad bhliain don Chomhairle Ealaíon maoirseacht na hOíche Cultúir a ghlacadh chuici féin, agus is bliain lán le dúshláin as an ngnáth atá ann, go háirithe d’ealaíontóirí agus d’earnáil na n-ealaíon trí chéile,” arsa Stiúrthóir na Comhairle Ealaíon, Maureen Kennelly. “Creidimid go láidir gur le haghaidh gach aon duine in Éirinn iad na healaíona, agus tá sé sin ag croí an pholasaí um Chomhionannas, Cearta an Duine agus Éagsúlacht a sheolamar anuraidh. Sin an fáth a bhfuil infheistíocht déanta againn chun spriocphobail agus rannpháirtíocht san Oíche Chultúir a leathnú agus a dhéanamh níos ilchineálaí.”
Ar sise, mar gheall ar na srianta leantacha sláinte poiblí a bhaineann le Covid-19, gur ar bhonn fíorúil a dhéanfaí go leor d’Oíche Chultúir na bliana seo a reáchtáil, ach fós féin, go ndéanfaí níos mó ná 1,000 fíorleabhar a sheachadadh ar na céadta teaghlach ar fud na tíre d’fhonn an t-aoibhneas a bhaineann le leabhar a oscailt agus a léamh a chur chun cinn.
Ar leithligh uaidh sin, leanfaidh an Chomhairle Ealaíon den traidisiún aici mar chuid den Oíche Chultúr, ardán a thabhairt do rogha de na saothair ealaíne spleodracha a cuireadh le bailiúchán na Comhairle Ealaíon le bliain anuas.
Cé nach féidir i mbliana, ar an drochuair, na saothair seo a roinnt le spriocphobal fisiceach ar an láthair chéanna, beidh spriocphobal ar líne in ann eolas a chur ar chuid de na saothair is úire sa bhailiúchán agus ar an stair atá aige i dtaca le scothshaothair ealaíne a chomhroinnt agus ardán a thabhairt d’ilchineálacht na gcleachtas i measc amharc-ealaíontóirí in Éirinn an lae inniu.
Le haghaidh Oíche Chultúir 2020, le saothair leis na healaíontóirí Benjamin de Búrca & Barbara Wagner*, Salvatore of Lucan, Áine Phillips agus Doireann O’Malley, déanfar ceiliúradh ar an traidisiún bródúil atá ag an gComhairle Ealaíon i dtaca le saothair uaillmhianacha a cheannach a théann i bhfeidhm ar shochaí chomhaimseartha na hÉireann agus a léiríonn í, agus a bheith ag tacú leis na saothair sin.
Beidh an Chomhairle Ealaíon ag tarraingt aird freisin ar roinnt tionscadal thart ar an tír mar gheall ar a dtiomantas don chomhionannas, do chearta an duine agus don éagsúlacht, lena n-áirítear:
• The Welcoming Project leis an ealaíontóir damhsa, Catherine Young, atá ag comhoibriú le cónaitheoirí in ionaid soláthair dhírigh i gCiarraí ó bhí 2015 ann.
• Déanfaidh an scríbhneoir Oein DeBhairduin, as Tuaim, tionscadal craolta a fhorbairt ar líne ar theanga Cant an lucht siúil in éineacht le hÁiteanna Cruthaitheacha Thuama, atá faoi stiúir Create.
• Beidh Amhráin Agóidíochta/Songs of Protest á gcanadh ag Iarsmalann an Phiarsaigh ag ealaíontóirí atá faoi mhíchumas, tionscadal de chuid Ealaíona Pobail agus Siamsaíocht Mhalartach Thamhlachta.
• Portráidí scannáin de chúigear ban (Dámhachtaithe WoW 2020) a bhíonn ag streachailt ar son comhionannas inscne agus ceartas sóisialta in Éirinn, le Compántas Amharclannaíochta Oulandish, a theilgfear i mBaile Átha Cliath.
• Pal, gearrscannán le Shane O’Reilly a coimisiúnaíodh go speisialta, faoi bhean bhodhar a mhothaíonn níos imeallaithe arís agus í ina cónaí léi féin le linn na dianghlasála.
Léiríonn ‘ceannródaithe’ Oíche Chultúir na bliana seo an ilchineálacht a bhaineann leis na healaíontóirí Éireannacha comhaimseartha, Fehdah, Mark Smith, Michael Gallen, Matthew Gardiner agus Úna-Minh Kavanagh agus déanfaidh ceannródaí idirnáisiúnta, Maeve Higgins, atá lonnaithe anois i Nua-Eabhrac, aird a tharraingt ar an spéis idirnáisiúnta atá san Oíche Chultúir i mbliana mar gheall ar ghnéithe ar líne an chláir. Is féidir sonraí maidir le gach gné den chlár a fheiceáil ar www.culturenight.ie
“Tá flúirse de thallann ealaíonta ag Éirinn; rud ba cheart dúinn, i mbliana thar bhliain ar bith eile, a chur chun cinn agus a chothú,” arsa Maureen Kennelly mar fhocal scoir. “Is iad na spriocanna atá againn d’Oíche Chultúir 2020, ná go léireoidh sí beocht na healaíne i measc pobail ilchineálacha, go n-aithneoidh sí an luach a chuireann an ealaín le saol gach duine againn, agus an ról ríthábhachtach atá aici i dtaca le cur chun cinn na folláine laistigh den tsochaí.”
←Fill ar ais go dtí an nuacht