D’fhoilsigh an Chomhairle Ealaíon a Plean Trí Bliana le haghaidh 2020-2022 le déanaí. Leis an bplean trí bliana nua seo faoi Saothar Ealaíne Iontach a Tháirgeadh, leanfar le mórán den obair ar cuireadh tús leis sna trí bliana atá thart: á beachtú, á feabhsú agus á forbairt a thuilleadh. Tá sraith gníomhartha nua aitheanta ag an gComhairle Ealaíon cheana le tógáil ar an obair atá tosaithe, mar aon le réimsí nua airde a shainaithint.
Bunaítear le Saothar Ealaíne Iontach a Tháirgeadh comhordanáidí i gcomhair fhorbairt na n-ealaíon sna deich mbliana idir 2016 agus 2025. Leis an gcéad phlean trí bliana le haghaidh 2017-2019, thosaigh an Chomhairle Ealaíon an turas i dtreo Saothar Ealaíne Iontach a Tháirgeadh a chur i bhfeidhm.
Athrú suntasach atá sa phlean nua le haghaidh 2020-2022 don Chomhairle Ealaíon. Beidh an plean nua dírithe níos seachtraí, beidh pobail níos éagsúla ar fud na hÉireann rannpháirteach ann, cuirfear comhionannas agus cearta an duine i gcroílár ár ngníomhaíochtaí ar fad agus cuirfear deiseanna ar fáil d’ealaíontóirí agus d’eagraíochtaí ealaíon a scileanna agus a gcumais a fhorbairt ar bhealaí nuálacha agus nua ar fud an réimse dhigitigh agus i gcleachtas idirdhisciplíneach.
Sna trí bliana amach romhainn, leanfaidh an Chomhairle Ealaíon ar aghaidh ag tabhairt tús áite do phá agus coinníollacha ealaíontóirí ar fud gach disciplín agus beidh a creat maoinithe níos sruthlínithe agus níos simplí.
Anuas air sin, forbraíodh córais nua chun sonraí agus fianaise a ghabháil agus a úsáid ar bhealach níos fearr, agus sna trí bliana atá romhainn oibreoidh an Chomhairle leis an earnáil lena chur ar a gcumas na sonraí seo a úsáid le tacú lena gcláir agus a bhforbairt. Úsáidfimid freisin an fhianaise seo mar chuid de chlár abhcóideachta nua.
Leanfaidh an Chomhairle Ealaíon ar aghaidh ag obair i gcomhpháirtíocht leis an Rialtas ar fad le linn na dtrí bliana amach romhainn lena chinntiú go mbíonn na healaíona lárnach i ngach gné den bhunú beartas agus den chinnteoireacht in Éirinn, ag tógáil ar Thionscadal Éireann 2040, Éire Ildánach agus Éire Dhomhanda 2025. Beidh a comhpháirtíocht straitéiseach le húdaráis áitiúla lárnach ina cuid oibre ar fad freisin.
Ioslódáil an plean trí bliana 2020-2022 anseo.
←Fill ar ais go dtí an nuacht