D’fhógair an Chomhairle Ealaíon cur i gcrích an athbhreithnithe neamhspleách ar Amharclann na Mainistreach inniu. Moltar san athbhreithniú athbheartú tosaíochta a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí agus na hacmhainní a athchothromú ag Amharclann na Mainistreach chun a misean forleathan a sheachadadh sa timpeallacht reatha ina bhfuil laghdú ar mhaoiniú.
Cuireann an Chomhairle Ealaíon agus Amharclann na Mainistreach fáilte roimh thorthaí an athbhreithnithe. Bunaíodh Comhghrúpa Oibre chun scrúdú a dhéanamh ar na himpleachtaí a bhaineann leis na moltaí sa tuarascáil. Meastar go dtiocfaidh comhthuiscint níos mó agus dlúthchaidreamh oibre idir an dá eagraíocht as an bpróiseas seo.
Le comhaontú ó Amharclann na Mainistreach choimisiúnaigh an Chomhairle Ealaíon athbhreithniú neamhspleách ar shamhail reatha oibriúcháin agus gnó Amharclann na Mainistreach an 24 Eanáir 2014. Léiríonn an cinneadh dul ar aghaidh leis an athbhreithniú scála suntasach infheistíocht leanúnach na Comhairle Ealaíon in Amharclann na Mainistreach mar amharclann náisiúnta na hÉireann, agus na himpleachtaí níos leithne a bhaineann le sraith laghduithe i leibhéal acmhainní na Comhairle Ealaíon féin.
Ba é an príomhchomhairleoir ealaíon agus cultúir Bonnar Keenlyside Ltd, atá lonnaithe i nDún Éideann a rinne an t-athbhreithniú. Ba é ba chuspóir leis an athbhreithniú scrúdú a dhéanamh ar shamhail reatha oibriúcháin agus gnó Amharclann na Mainistreach agus an chaoi a bhféadfadh an maoiniú poiblí atá ar fáil na torthaí is fearr a bhaint amach san am i láthair agus amach anseo a shainaithint.
Moltaí an athbhreithnithe
Sonraítear san athbhreithniú go gcuireann samhail reatha oibriúcháin Amharclann na Mainistreach, i dteannta a tiomantais do raon leathan gníomhaíochtaí agus snáitheanna a bhaineann lena misean a bhaint amach, srian ar roinnt réimsí. Is é an príomh-mholadh san athbhreithniú gur cheart d’Amharclann na Mainistreach tús áite a thabhairt do roinnt cuspóirí straitéiseacha, thar chinn eile, ag an am seo, lena n-áirítear:
- Scríbhneoireacht Éireannach agus drámaí faoi Éirinn, ní iad siúd a choimisiúnaíonn agus a léiríonn Amharclann na Mainistreach amháin ach cinn a choimisiúnaíonn agus a léiríonn compántais chuairte chomh maith, lena n-áirítear athchóirithe nua;
- Taighde agus Forbairtí, lena n-áirítear leas a bhaint as Amharclann na Péacóige, turgnamh ealaíonta agus raon níos leithe tallann ealaíonta a mhealladh, ag baint leas as aeistéitic chomhroghnach agus samhlacha comhroghnacha léiriúcháin;
- Muintir na hÉireann a mhealladh trí chamchuairteanna go príomha agus trí obair phobail agus oideachais chomh maith;
- Oidhreacht agus Ceannaireacht: an chartlann, cainteanna agus dioscúrsa agus cuireadh a thabhairt d’ealaíontóirí eile chun oibriú in Amharclann na Mainistreach.
Is tábhachtach do na tosaíochtaí athfhócasaithe sin an gá le hArdán Amharclann na Péacóige a fheidhmiú mar spás solúbtha lena mbainfidh buiséid léiriúcháin níos lú, foirne cruthaitheacha ina mbeidh gairmithe cruthaitheacha inmheánacha Amharclann na Mainistreach nó ealaíontóirí téatair comhoibríocha agus laghdú ar an tacaíocht theicniúil.
Tá Grúpa Oibre nuabhunaithe ag obair ar na moltaí sin anois. Cuimsítear sa ghrúpa comhaltaí feidhmiúcháin agus comhaltaí boird na Comhairle Ealaíon (Orlaith McBride, Stiúrthóir na Comhairle Ealaíon, David Parnell, Ceann Téatair, Sheila Pratschke, Cathaoirleach, Ciaran Walsh, comhalta Boird) agus Amharclann na Mainistreach (Fiach Mac Conghail, Stiúrthóir Amharclann na Mainistreach, Declan Cantwell, an Stiúrthóir Airgeadais agus Riaracháin, an Cathaoirleach Bryan Mc Mahon agus an comhalta Boird Paul Smith) .
Déanfaidh an Grúpa Oibre measúnú ar fhéidearthacht na moltaí agus ar amlínte réalaíocha. Tabharfaidh an Grúpa Oibre tús áite d’athbhreithniú ar na nósanna imeachta monatóireachta agus measúnaithe reatha, d’athstruchtúrú ar an gcaoi a dtuairiscíonn Amharclann na Mainistreach a cuid airgid don Chomhairle Ealaíon agus do sholáthar a chur ar fáil i leith maoiniú do thuras náisiúnta amháin ar a laghad in aghaidh na bliana i socruithe maoiniúcháin amach anseo.
Ag labhairt di inniu, dúirt Cathaoirleach na Comhairle Ealaíon, Sheila Pratschke, “Aithníonn an Chomhairle Ealaíon, agus is mór aici, ról Amharclann na Mainistreach mar amharclann náisiúnta na hÉireann. Admhaímid obair Amharclann na Mainistreach agus an méid atá bainte amach le blianta beaga anuas agus í ag féachaint do mhisean leathan agus uaillmhianach a bhaint amach. Is é an príomh-mholadh san athbhreithniú seo gur cheart d’Amharclann na Mainistreach tús áite a thabhairt do ghníomhaíochtaí áirithe thar ghníomhaíochtaí eile sna blianta amach romhainn. Rinneamar an t-athbhreithniú seo chun scrúdú a dhéanamh ar conas is féidir lenár dtacaíocht leanúnach d’Amharclann na Mainistreach na torthaí is fearr a sheachadadh i bhfianaise an laghdaithe ar an maoiniú atá ar fáil agus i bhfianaise timpeallacht dhúshlánach.
Aithnítear san athbhreithniú fosta an timpeallacht athraithe ina bhfeidhmíonn Amharclann na Mainistreach anois – go háirithe na pobail nua atá tagtha go hÉirinn a bhfuil a scéalta anois ina gcuid dár náisiún.”
Dúirt sí, “Cuirim fáilte roimh an athbhreithniú seo. Is tuarascáil iomlán, bunaithe ar fhianaise í, inar breathnaíodh ar amharclanna idirnáisiúnta comhchosúla eile. Cuireann sí an chéad chéim thábhachtach ar fáil do chaidreamh nua agus feabhsaithe idir an Chomhairle Ealaíon agus Amharclann na Mainistreach. Tá an Chomhairle Ealaíon ag tnúth le hoibriú go dlúth le hAmharclann na Mainistreach agus í ag leanúint i mbun pleanála do thodhchaí ealaíonta téatair a bheidh spleodrach, spreagúil, dúshlánach agus smaointeach.”
Dúirt Cathaoirleach Amharclann na Mainistreach, Bryan McMahon “Bhíomar sásta páirt a ghlacadh san athbhreithniú a rinne an Chomhairle Ealaíon le déanaí agus táimid ag tnúth le hoibriú go dlúth leis an gComhairle Ealaíon chun oibriú ar na moltaí a leagtar amach in Athbhreithniú Bonnar Keenlyside. Cuirfidh sé sin ar chumas Amharclann na Mainistreach agus na Comhairle Ealaíon tuiscint nua a fháil ar cad is féidir a bhaint amach i bhfianaise na leibhéal maoiniúcháin laghdaithe.
Aithníonn an Bord an gá atá ann go gcuimseoidh Amharclann na Mainistreach nuálaíocht ealaíonta agus airgeadais i gcónaí go háirithe sna blianta atá amach romhainn. Geallann Amharclann na Mainistreach, le tacaíocht airgeadais ón gComhairle Ealaíon, go leanfaidh sí ag freastal ar ealaíontóirí agus ar lucht féachana agus ag tabhairt tacaíochta dóibh amach anseo. Tá muinín againn anois, níos mó ná a bhí riamh, go leanfaidh an caidreamh ag forbairt idir ár dhá bhforas náisiúnta.”
Ioslódáil an tuarascáil (3 MB, PDF)
←Fill ar ais go dtí an nuacht